|
+Airteagal 26 8. |
Airteagal 26 8.Faoin 30 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach gnóthas a thuairiscíonn, faoi mhír 1, 1 000 tona de choibhéis CO2 nó níos mó de hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh le linn na bliana féilire roimhe sin, ina theannta sin, a áirithiú go ndéanfar fírinneacht a thuarascála a chinntiú, ar leibhéal réasúnta cinnteachta, ag iniúchóir neamhspleách. Beidh an t-iniúchóir cláraithe sa Tairseach F-gás agus beidh an t-iniúchóir creidiúnaithe:
(a)
de bhun Treoir 2003/87/CE; nó
(b)
chun ráitis airgeadais a fhíorú i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann. Déanfar na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (c), a fhíorú gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ghnóthas a áirithiú go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách fírinneacht a thuarascála ar leibhéal réasúnta cinnteachta, gan beann ar na cainníochtaí atá i gceist, i gcás inar gá sin chun a dheimhniú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an ngnóthas sin. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí an fhíoraithe tuarascálacha agus creidiúnú na n-iniúchóirí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|