+IARSCRÍBHINN IV Toirmisc maidir le cur ar an margadh dá dtagraítear in airteagal 11(1)

IARSCRÍBHINN IV Toirmisc maidir le cur ar an margadh dá dtagraítear in airteagal 11(1)




IARSCRÍBHINN IV

Toirmisc maidir le cur ar an margadh dá dtagraítear in airteagal 11(1)



Táirgí agus trealamh

Dáta an toirmisc

(1)  Coimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar coimeádáin iad atá folamh, líonta go páirteach nó go hiomlán, a úsáidtear chun trealamh cuisniúcháin, aerchóiriúcháin nó teaschaidéil, córais chosanta ar dhóiteáin nó lascthrealamh leictreach a sheirbhísiú, a chothabháil nó a líonadh, nó a mbaintear feidhm astu mar thuaslagóirí.

4 Iúil 2007

 

 

TREALAMH CUISNIÚCHÁIN DO-AISTRITHE

(2)  Cuisneoirí agus reoiteoirí tí:

(a)  ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2015

(b)  ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2026

(3)  Cuisneoirí agus reoiteoirí le haghaidh úsáid tráchtála (trealamh féinchuimsitheach):

(a)  ina bhfuil HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2020

(b)  ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2022

(c)  ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda.

1 Eanáir 2025

(4)  Aon trealamh cuisniúcháin féinchuimsitheach, seachas fuaraitheoirí, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2025

(5)  Trealamh cuisniúcháin, seachas fuaraitheoirí agus trealamh a chumhdaítear i bpointí (4) agus (6), ina bhfuil na nithe seo a leanas, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar an méid seo a leanas:

(a)  HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2020

(b)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2025

(c)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2030

(6)  Córais cuisniúcháin láraithe ilphacáiste le haghaidh úsáid tráchtála a bhfuil toilleadh ainmniúil 40 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin i gcás príomhchiorcad cuisneáin córas cascáide ina bhféadfar gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 1 500 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid.

1 Eanáir 2022

FUARAITHEOIRÍ DO-AISTRITHE

(7)  Fuaraitheoirí a bhfuil na gáis seo a leanas iontu, nó a bhraitheann ar na gáis seo a leanas lena bhfeidhmiú:

(a)  HFCanna ar 2 500 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda seachas trealamh a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun táirgí a fhuarú go teochtaí faoi bhun – 50 °C;

1 Eanáir 2020

(b)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí suas go dtí toilleadh ainmniúil 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2027

(c)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe le haghaidh fuaraitheoirí a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW acu agus an toilleadh sin san áireamh, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2032

►C2  
(d)  gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí os cionn acmhainneacht rátaithe 12 kW, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.  ◄

1 Eanáir 2027

TREALAMH AERCHÓIRIÚCHÁIN DO-AISTRITHE AGUS TEASCHAIDÉIL DHO-AISTRITHE

(8)  Trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil, seachas fuaraitheoirí, amhail iad seo a leanas:

(a)  trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála atá inchorraithe ó sheomra go seomra ag an úsáideoir deiridh ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2020

(b)  trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála, trealamh aerchóiriúcháin monabloc, trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile, ag a bhfuil uastoilleadh ainmniúil suas le 12 kW, agus an toilleadh sin san áireamh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ag a bhfuil acmhainneacht téimh dhomhanda 150 nó níos mó, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin, nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gáis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid, ar nó níos lú ná 150 a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, is é 750 an teorainn ar acmhainneacht téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2027

(c)  trealamh aerchóiriúcháin seomra plugála, trealamh aerchóiriúcháin monabloc, agus trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach eile agus teaschaidéil féinchuimsitheach eile, ag a bhfuil uastoilleadh ainmniúil suas le 12 kW, agus an toilleadh sin san áireamh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2032

 

(d)  trealamh aerchóiriúcháin monabloc agus aerchóiriúcháin féinchuimsitheach eile agus teaschaidéil, a bhfuil uastoilleadh ainmniúil acu is mó ná 12 kW ach nach mó ná 50 kW agus ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. Má fhágann na ceanglais sábháilteachta ar shuíomh na suiteála nach bhféadfaí roghanna malartacha ar gháis cheaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda;

1 Eanáir 2027

(e)  aon trealamh aerchóiriúcháin féinchuimsitheach agus teaschaidéil eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh. I gcás ina bhfágfadh na ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin nach bhféadfaí gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos lú a n-acmhainneacht téimh dhomhanda a úsáid, is é 750 teorainn na hacmhainneachta téimh dhomhanda.

1 Eanáir 2030

(9)  Trealamh roinnte aerchóiriúcháin agus teaschaidéil (1):

(a)  Córais aonair roinnte ina bhfuil níos lú ná 3 kg de gháis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú;

1 Eanáir 2025

(b)  Córais roinnte aer go huisce a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2027

(c)  Córais roinnte aer go haer a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2029

(d)  Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil suas le 12 kW agus an toilleadh sin san áireamh acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2035

 

(e)  Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2029

(f)  Córais roinnte a bhfuil toilleadh ainmniúil 12 kW nó níos mó acu ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2033

TÁIRGÍ AGUS TREALAMH EILE

(10)  Córais galaithe dhírigh neamhghaibhnithe a bhfuil HCFanna agus PFCanna ina gcuisneáin iontu.

 

4 Iúil 2007

(11)  Trealamh cosanta ar dhóiteáin:

(a)  a bhfuil PFCanna ann;

4 Iúil 2007

(b)  a bhfuil HFC-23 ann;

1 Eanáir 2016

(c)  a bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I ann nó a bhraitheann orthu, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2025

(12)  Fuinneoga tí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(13)  Fuinneoga eile ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2008

(14)  Coisbheart ina bhfuil gáis teasa fhuairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2006

(15)  Boinn ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4 Iúil 2007

(16)  Cúir aon-chomhábhair, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh, ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh domhanda.

4 Iúil 2008

(17)  Cúir:

(a)  Polaistiréin easbhrúite (XPS) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh domhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2020

(b)  Cúir seachas polaistiréin easbhrúite (XPS) ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda, ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin sábháilteachta náisiúnta a chomhlíonadh;

1 Eanáir 2023

(c)  Cúir ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh.

1 Eanáir 2033

(18)  Gineadóirí aerasóil a chuirtear ar an margadh don ghnáthphobal lena ndíol chun críoch siamsaíochta agus maisithe, mar a liostaítear i bpointe 40 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus adharca fógra, ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda.

4 Iúil 2009

(19)  Aerasóil theicniúla:

(a)  ina bhfuil HFCanna ar 150 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda ach amháin má cheanglaítear orthu caighdeáin náisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis;

1 Eanáir 2018

(b)  ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh nó má úsáidtear iad le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2030

(20)  Táirgí cúraim phearsanta (e.g. mús, uachtair, cúir, leachtanna nó spraeanna) ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe.

1 Eanáir 2025

(21)  Trealamh a úsáidtear chun an chraiceann a fhuarú ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 150 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a bhraitheann ar na gáis sin lena bhfeidhmiú, ach amháin má úsáidtear é le haghaidh feidhmeanna leighis.

1 Eanáir 2025

(1)   

Chun críche an Rialacháin seo, measfar trealamh teaschaidéil duchtanna dúbailte sheasta agus trealamh aerchóiriúcháin a bheith roinnte (catagóir uimhir 9) agus beidh siad faoi réir na gceanglas céanna.

Tá feidhm ag pointe 1 maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon na coimeádáin seo a leanas:

(a) 

coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus

(b) 

coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad lena n-athlíonadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0573
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.