|
+IARSCRÍBHINN IX Sonraí atá le tuairisciú de bhun Airteagal 26 |
IARSCRÍBHINN IX Sonraí atá le tuairisciú de bhun Airteagal 26
IARSCRÍBHINN IX Sonraí atá le tuairisciú de bhun Airteagal 26 (1) Tuairisceoidh gach táirgeoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an chainníocht iomlán maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a tháirg sé san Aontas, lena n-áirítear seachtháirgeadh, agus idirdhealú a dhéanamh idir na méideanna a aisghabháladh agus nár aisghabháladh, agus cainníochtaí a scriosadh a shainaithint, ón táirgeadh nó ón seachtháirgeadh sin, de mhéideanna nár aisghabháladh, nó i gcás inar aisghabháladh iad, na cainníochtaí a scriosadh sular cuireadh ar an margadh iad, i saoráidí an táirgeora nó a tugadh ar láimh do ghnóthais eile lena scriosadh, chomh maith leis an ngnóthas a rinne an scriosadh:
(b)
na príomhchatagóirí úsáide ina n-úsáidtear an tsubstaint;
(c)
na cainníochtaí maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a chuir sé ar an margadh san Aontas, lena sonrófar an méid seo a leanas ar leithligh:
(i)
na cainníochtaí a cuireadh ar an margadh le haghaidh úsáidí mar bhunábhar, lena n-áirítear, le haghaidh HFC-23 amháin, má aisghabháladh roimh ré nó murar aisghabháladh roimh ré iad;
(ii)
onnmhairí díreacha;
(iii)
análóirí dáileoige méadraithe a tháirgeadh chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh;
(iv)
úsáid i dtrealamh míleata;
(v)
úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí;
(vi)
na méideanna hidreafluaracarbón a tháirgtear le haghaidh úsáidí laistigh den Aontas atá díolmhaithe faoin bPrótacal;
(d)
aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena sonraítear ar cuireadh ar an margadh cheana iad nó nár cuireadh. (2) Déanfaidh gach allmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, tuairisc a thabhairt ar an méid seo a leanas:
(a)
an chainníocht iomlán maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a d’allmhairigh sé isteach san Aontas, lena sainítear na príomhchatagóirí úsáide ina n-úsáidtear an tsubstaint, agus an méid seo a leanas á shonrú ar leithligh:
(i)
na méideanna a allmhairíodh, nár scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a ath-onnmhairíodh i dtáirgí nó trealamh ag an ngnóthas a thug an tuairisc;
(ii)
cainníochtaí atá le scriosadh, lena sainaithnítear an gnóthas a dhéanann an scriosadh;
(iii)
úsáidí mar bhunábhar, lena sonraítear ar bhonn leithligh na méideanna hidreafluaracarbón a allmhairítear le haghaidh úsáide mar bhunábhar, agus lena sainaithnítear an gnóthas a úsáideann an bunábhar;
(iv)
onnmhairiú díreach, lena sainaithnítear an gnóthas onnmhairithe;
(v)
análóirí dáileoige méadraithe a tháirgtear chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, lena sainaithnítear an táirgeoir;
(vi)
úsáid i dtrealamh míleata; an gnóthas a fhaigheann na cainníochtaí le haghaidh na húsáide sin a shainaithint;
(vii)
úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí, lena sainaithnítear an monaróir leathsheoltóra is faighteoir;
(viii)
méideanna na hidreafluaracarbón atá i bpolóil réamhchumaiscthe;
(ix)
na méideanna hidreafluaracarbón a aisghabháladh, a athchúrsáladh nó a mínghlanadh;
(x)
na méideanna hidreafluaracarbón a allmhairíodh le haghaidh úsáidí atá díolmhaithe faoin bPrótacal; Déanfar na cainníochtaí hidreafluaracarbón a thuairisciú ar bhonn leithligh le haghaidh gach tíre tionscnaimh.
(b)
aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena sonraítear ar cuireadh ar an margadh cheana iad nó nár cuireadh. (3) Déanfaidh gach onnmhaireoir dá dtagraítear in Airteagal 26(1), an chéad fhomhír, tuairisc a thabhairt ar na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a d’onnmhairigh sé ón Aontas, lena sonraítear cibé acu óna tháirgeadh nó óna allmhairiú féin é nó a cheannaigh sé é ó ghnóthais eile laistigh den Aontas, lena n-áirítear méideanna na hidreafluaracarbón atá i bpolóil réamhchumaiscthe. (4) Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(2) tuairisc a thabhairt ar an méid seo a leanas:
(a)
na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III a scriosadh, lena n-áirítear, ar bhonn leithligh, cainníochtaí na substaintí sin atá i dtáirgí nó i dtrealamh;
(b)
aon stoic a shealbhaítear ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II atá le scriosadh, lena n-áirítear, ar bhonn leithligh, cainníochtaí na substaintí sin atá i dtáirgí nó i dtrealamh;
(c)
an teicneolaíocht a úsáideadh le haghaidh scriosadh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III. (5) Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(3) tuairisc a thabhairt ar na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáidtear mar bhunábhar. (6) Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(4) tuairisc a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
catagóirí na dtáirgí nó an trealaimh ina bhfuil na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III;
(b)
an líon aonad maidir le táirgí agus trealamh, nó mais maidir le táirgí neamh-inchomhairthe amhail cúir;
(c)
aon chainníocht de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá sna táirgí nó sa trealamh;
(d)
méid na hidreafluaracarbón atá luchtaithe sa trealamh a onnmhairítear, a scaoileadh i saorchúrsaíocht, a ndearnadh na hidreafluaracarbóin a onnmhairiú ón Aontas ina leith roimhe sin agus a bhí faoi réir theorainneacha cuóta maidir lena gcur ar mhargadh an Aontais. I gcásanna den sórt sin, sonrófar sa tuairisc an gnóthas onnmhairiúcháin freisin agus bliain an onnmhairithe chomh maith leis an ngnóthas a chuir na hidreafluaracarbóin ar mhargadh an Aontais den chéad uair agus an bhliain a cuireadh ar an margadh iad. (7) Déanfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(5) tuairisc a thabhairt maidir leis na cainníochtaí de gach substaint a fuarthas ó thairgeoirí agus allmhaireoirí le haghaidh a scriosta, úsáidí mar bhunábhar, onnmhairiú díreach, análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh, úsáid i dtrealamh míleata agus úsáid in eitseáil ábhair leathsheoltóra nó i nglanadh ghuasáin dheascaidh gaile ceimicí laistigh den earnáil mhonaraithe leathsheoltóirí. Tabharfaidh monaróir análóirí dáileoige méadraithe chun comhábhair chógaisíochta a sheachadadh tuairisc maidir le cineál na hidreafluaracarbón a úsáidtear agus na cainníochtaí a úsáidtear. (8) Tabharfaidh gach gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 26(6) tuairisc ar an méid seo a leanas:
(a)
na cainníochtaí de gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá mínghlanta aige;
(b)
aon stoic arna sealbhú ag tús agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III atá le mínghlanadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|