2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de phróisis táirgthe ceimiceán a bhunú ina mbeidh toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáid mar bhunábhar ar bhonn na measúnuithe teicniúla a dhéantar faoin bPrótacal, go háirithe na tuarascálacha ráithiúla arna n-ullmhú ag na painéil measúnaithe faoin bPrótacal, lena n-áirítear measúnuithe ar roghanna malartacha atá ar fáil ar úsáidí bunábhair atá ann cheana agus ar leibhéil astaíochta na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana.