3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach bhfuil aon mheasúnuithe teicniúla ar na roghanna malartacha atá ar fáil ar na húsáidí bunábhair atá ann cheana agus ar leibhéil astaíochta na n-úsáidí bunábhair atá ann cheana agus a rinneadh faoin bPrótacal ar fáil, ar measúnuithe iad a thabharfaidh bonn leordhóthanach chun cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc a chur ar úsáid bunábhair, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2027, a mheasúnú féin ar bhonn moltaí eolaíocha maidir leis na húsáidí bunábhair atá ann cheana, ar na tionchair ó thaobh acmhainn ídithe ózóin (ODP) de agus ar infhaighteacht sonraí níos beaichte maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhunábhar, forbairtí teicneolaíochta a mbeidh infhaighteacht roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil mar thoradh orthu, agus úsáid fuinnimh, éifeachtúlacht, indéantacht eacnamaíoch agus costas na roghanna malartacha sin, agus glacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn an mheasúnaithe sin, na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.