2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, aon úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá bhféadfar táirgeadh agus allmhairiú substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheadú san Aontas, an tréimhse a mbeidh an díolúine bailí lena linn agus na húsáideoirí sin a fhéadfaidh leas a bhaint as na húsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse sin a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).