+Airteagal 9 Úsáidí criticiúla halón
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
|
Airteagal 9 Úsáidí criticiúla halón
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfar halóin a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh úsáidí criticiúla i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla, ní fhéadfaidh ach na gnóthais sin halóin a chur ar an margadh agus a sholáthar nó a chur ar fáil ina dhiaidh sin do dhuine eile laistigh den Aontas ar íocaíocht nó saor in aisce.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Déanfar córais cosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin ina bhfuil halóin a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh úsáidí criticiúla sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na halóin sin, a dhíchoimisiúnú faoi na dátaí deiridh a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Déanfar na halóin atá i gcórais cosanta dóiteáin agus i múchtóirí dóiteáin a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 20(5).
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú, i gcás nach bhfuil roghanna malartacha nó teicneolaíocht atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil le haghaidh na n-úsáidí criticiúla a liostaítear san Iarscríbhinn sin laistigh de na hamscálaí a leagtar amach inti nó i gcás nach bhfuil siad inghlactha mar gheall ar a n-éifeachtaí ar an gcomhshaol nó ar an tsláinte, nó i gcás inar gá sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a bhaineann le húsáidí criticiúla halón, a bhunaítear go háirithe faoin bPrótacal, ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis iarraidh ar tugadh bunús leis a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit, maoluithe atá teoranta ó thaobh ama de a dheonú ó na dátaí deiridh nó ó na scoithdhátaí a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh cás sonrach ina léirítear san iarraidh ar mhaolú nach bhfuil rogha mhalartach atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil don fheidhm áirithe sin. Áireoidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú sna gníomhartha cur chun feidhme sin agus ceanglóidh sé go gcuirfí fianaise thacaíochta isteach, ar fianaise í atá riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid an mhaolaithe, lena n-airítear fianaise maidir le cainníochtaí na halón a aisghabhadh i gcomhair athchúrsála nó mínghlanadh, torthaí seiceálacha sceite agus cainníochtaí halón nár úsáideadh i stoic. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|