3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun Iarscríbhinn V a leasú, i gcás nach bhfuil roghanna malartacha nó teicneolaíocht atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch ar fáil le haghaidh na n-úsáidí criticiúla a liostaítear san Iarscríbhinn sin laistigh de na hamscálaí a leagtar amach inti nó i gcás nach bhfuil siad inghlactha mar gheall ar a n-éifeachtaí ar an gcomhshaol nó ar an tsláinte, nó i gcás inar gá sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a bhaineann le húsáidí criticiúla halón, a bhunaítear go háirithe faoin bPrótacal, ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc.