3. Gnóthais a chuireann coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe ceangailteacha i bhfeidhm chun na coimeádáin sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta, go háirithe na gníomhaithe ábhartha, a ngealltanais éigeantacha agus na socruithe lóistíochta ábhartha a shainaithint. Beidh na socruithe sin ina gceangal ar dháileoirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin chuig an úsáideoir deiridh.
Coinneoidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh den chéad uair agus cuirfear an dearbhú sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Coinneoidh soláthróirí na gcoimeadán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin d’úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a sholáthraítear iad don úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a chinneadh maidir leis na heilimintí atá bunriachtanach do na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa dearbhú comhréireachta. Glacfar na gníomhartha sin cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in le hAirteagal 28(2).