+Airteagal 15 Coinníollacha maidir le díolúintí
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
|
Airteagal 15 Coinníollacha maidir le díolúintí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Cuirfear toirmeasc ar choimeádáin nach féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin, bíodh siad folamh nó lán, go páirteach nó go hiomlán, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid, nó a onnmhairiú agus cuirfear toirmeasc ar aon soláthar coimeádán den sórt sin ina dhiaidh sin nó ar choimeádáin den sórt sin a chur ar fáil do dhuine eile laistigh den Aontas, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce„ seachas le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8. Ní fhéadfar na coimeádáin sin a stóráil nó a iompar ach amháin chun iad a dhiúscairt ina dhiaidh sin.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le coimeádáin nach féidir a athlíonadh, eadhon:
|
(a)
|
coimeádáin nach féidir a athlíonadh gan iad a oiriúnú chun na críche sin; agus
|
|
(b)
|
coimeádáin a d’fhéadfaí a athlíonadh ach a allmhairítear nó a chuirtear ar an margadh gan foráil a bheith déanta go gcuirfear ar ais iad le haghaidh athlíonadh.
|
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Déanfaidh na húdaráis chustaim nó na húdaráis um fhaireachas margaidh aon choimeádán nach féidir a athlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a urghabháil, a choigistiú, a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh lena dhiúscairt trí scriosadh. Maidir leis na coimeádáin nach féidir a athlíonadh a bhfuil toirmeasc orthu de bhun mhír 1, cuirfear toirmeasc ar a n-athonnmhairiú.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Gnóthais a chuireann coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh, soláthróidh siad dearbhú comhréireachta ina mbeidh fianaise lena ndeimhnítear go bhfuil socruithe ceangailteacha i bhfeidhm chun na coimeádáin sin a thabhairt ar ais chun críche athlíonta, go háirithe na gníomhaithe ábhartha, a ngealltanais éigeantacha agus na socruithe lóistíochta ábhartha a shainaithint. Beidh na socruithe sin ina gceangal ar dháileoirí na gcoimeádán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin chuig an úsáideoir deiridh.
Coinneoidh na gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír an dearbhú comhréireachta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear na coimeádáin is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin ar an margadh den chéad uair agus cuirfear an dearbhú sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Coinneoidh soláthróirí na gcoimeadán is féidir a athlíonadh le haghaidh substaintí ídithe ózóin d’úsáideoirí deiridh fianaise ar chomhlíonadh na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón tráth a sholáthraítear iad don úsáideoir deiridh agus cuirfear an fhianaise sin ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a chinneadh maidir leis na heilimintí atá bunriachtanach do na socruithe ceangailteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa dearbhú comhréireachta. Glacfar na gníomhartha sin cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in le hAirteagal 28(2).
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí ídithe ózóin a chur ar an margadh mura gcuirfidh táirgeoirí nó allmhaireoirí fianaise ar fáil d’údarás inniúil Ballstáit tráth a chuirtear na substaintí sin ar an margadh, gur scriosadh nó gur aisghabhadh le húsáid arís aon trífhluaraimeatán arna tháirgeadh ina sheachtháirge mar chuid de phróiseas táirgthe na substaintí ídithe ózóin, lena n-áirítear le linn tháirgeadh na mbunábhar chun na substaintí sin a tháirgeadh, lena n-úsáidtear na teicnící is fearr atá ar fáil.
Chun an fhianaise sin a sholáthar, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí dearbhú comhréireachta a tharraingt suas, a mbeidh doiciméadacht tacaíochta ag gabháil leis:
|
(a)
|
tionscnamh na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a bhunú;
|
|
(b)
|
saoráid táirgthe tionscnaimh na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a shainaithint, lena n-áirítear sainaithint na saoráidí sin d’aon substaintí réamhtheachtacha a bhaineann le clóradéfhluaraimeatán (R-22) a ghiniúint mar chuid den phróiseas táirgthe chun na substaintí ídithe ózóin atá le cur ar an margadh a tháirgeadh;
|
|
(c)
|
cruthúnas a thabhairt maidir le hinfhaighteacht agus oibriú na teicneolaíochta laghdaithe ag na saoráidí tionscnaimh atá coibhéiseach le modheolaíocht bhonnlíne AM0001 arna formheas ag UNFCCC chun sruthanna dramhaíola trífhluaraimeatáin a loscadh nó lena gcruthaítear an mhodheolaíocht gabhála agus scriosta lena n-áirithítear go scriostar astaíochtaí trífhluaraimeatáin i gcomhréir leis na ceanglais faoin bPrótacal;
|
|
(d)
|
maidir le haon fhaisnéis bhreise lena n-éascaítear rianú na substaintí ídithe ózóin roimh allmhairiú.
|
Coinneoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an dearbhú comhréireachta agus an doiciméadacht tacaíochta ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirtear ar an margadh iad agus cuirfear ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann agus don Choimisiún iad, arna iarraidh sin dóibh.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe mionsonraithe a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta agus leis an doiciméadacht tacaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis, nó le haghaidh úsáidí bunriachtanacha saotharlainne agus anailíse, nó lena scriosadh, nó lena mínghlanadh, dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 12, faoi seach, ní fhéadfar na substaintí sin a úsáid ach amháin chun na gcríoch sin.
Coimeádáin ina bhfuil na substaintí ídithe ózóin atá beartaithe le haghaidh na n-úsáidí dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 8 agus 12 den Rialachán seo, déanfar na coimeádáin sin a lipéadú ar bhealach ina dtugtar léiriú soiléir á rá nach féidir an tsubstaint a úsáid ach amháin chun na críche is infheidhme. I gcás ina bhfuil na substaintí sin faoi réir na gceanglas lipéadaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, beidh an léiriú sin ar na lipéid dá dtagraítear sa Rialachán sin.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an léiriú atá le húsáid ar na lipéid dá dtagraítear sa dara fomhír a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Gnóthais a dhéanann substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheartaítear a úsáid mar bhunábhar, mar oibreáin phróisis, nó a bheartaítear a scriosadh nó a mhínghlanadh chomh maith le gnóthais a scriosann nó a mhínghlanann na substaintí sin nó a úsáideann na substaintí sin mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis, lena n-áirítear mar sheachtháirgeadh nó mar thaobhtháirgeadh, a tháirgeadh, a chur ar an margadh, a sholáthar do dhuine eile san Aontas nó a fháil ó dhuine eile san Aontas, coimeádfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir le gach substaint ídithe ózóin, de réir mar is infheidhme:
|
(a)
|
ainm na substainte ídithe ózóin nó an mheascáin ina bhfuil substaint den sórt sin;
|
|
(b)
|
an chainníocht a táirgeadh, a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a mínghlanadh nó a scriosadh le linn na bliana féilire áirithe;
|
|
(c)
|
an chainníocht a soláthraíodh agus a fuarthas le linn na bliana féilire áirithe, in aghaidh an tsoláthraí nó an ghlacadóra aonair;
|
|
(d)
|
ainmneacha agus sonraí teagmhála na soláthróirí nó na nglacadóirí;
|
|
(e)
|
an chainníocht a úsáideadh le linn na bliana féilire áirithe agus lena sonraítear an úsáid iarbhír; agus
|
|
(f)
|
an chainníocht a stóráladh an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig sa bhliain féilire áirithe.
|
Coimeádfaidh na gnóthais na taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis an táirgthe, an chur ar an margadh, an tsoláthair nó na fála, agus cuirfidh siad ar fáil iad, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó don Choimisiún. Áiritheoidh na húdaráis inniúla sin agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá sna taifid sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|