9. Déanfaidh údaráis chustaim comhlíonadh na rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú agus na rialuithe bunaithe ar anailís riosca á ndéanamh acu i gcomhthéacs an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim agus i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Cuirfear i gcuntas leis an anailís riosca sin, go háirithe, aon fhaisnéis atá ar fáil faoin dóchúlacht gurb ann do thrádáil neamhdhleathach i substaintí ídithe ózóin, agus stair chomhlíontachta an ghnóthais lena mbaineann.