+Airteagal 17 Rialuithe trádála
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
---+Airteagal 17 6
---+Airteagal 17 7
---+Airteagal 17 8
---+Airteagal 17 9
---+Airteagal 17 10
---+Airteagal 17 11
---+Airteagal 17 12
---+Airteagal 17 13
|
Airteagal 17 Rialuithe trádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Déanfaidh údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh na toirmisc agus na srianta eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hallmhairí agus onnmhairí a fhorfheidhmiú.
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Chun críche allmhairithe, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige de bhun Airteagal 13(2) den Rialachán seo an t-onnmhaireoir. I gcás nach mbeidh an t-allmhaireoir ar fáil, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas sin aige a bheidh ina dhearbhóir a léirítear sa dearbhú custaim ar sealbhóir an údaraithe é le haghaidh nós imeachta speisialta nach nós imeachta idirthurais é, ach amháin má aistrítear cearta agus oibleagáidí de bhun Airteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 chun ligean do dhuine eile a bheith ina dhearbhóir. I gcás nós imeachta idirthurais, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige a bheidh ina shealbhóir ar an nós imeachta.
Chun críoch onnmhairithe, is é an gnóthas a bhfuil an ceadúnas aige de bhun Airteagal 14(3) an t-onnmhaireoir a léirítear sa dearbhú custaim.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. I gcásanna ina n-allmhairítear substaintí ídithe ózóin, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na substaintí sin, is é an t-allmhaireoir nó, i gcás nach bhfuil an t-allmhaireoir ar fáil, an dearbhóir, a luaitear sa dearbhú custaim nó sa dearbhú stórais shealadaigh, agus i gcásanna onnmhairithe, is é an t-onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim, a chuirfidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’údaráis chustaim, i gcás inarb ábhartha, sa dearbhú custaim:
|
(a)
|
uimhir aitheantais chláraithe an chórais ceadúnúcháin agus uimhir an cheadúnais de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3);
|
|
(b)
|
an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);
|
|
(c)
|
glanmhais substainte ídithe ózóin nó substaintí ídithe ózóin, agus nuair a áirítear i dtáirgí agus i dtrealamh iad;
|
|
(d)
|
glanmhais arna iolrú faoi ODP na substainte ídithe ózóin nó na substaintí ídithe ózóin, agus nuair a áirítear i dtáirgí agus i dtrealamh iad;
|
|
(e)
|
an cód tráchtearra faoina aicmítear na hearraí.
|
|
|
Airteagal 17 4
|
4. Déanfaidh na húdaráis chustaim a fhíorú go háirithe an bhfuil ceadúnas bailí de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3) ag an allmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim nó, i gcás nach bhfuil sé ar fáil, ag an dearbhóir, agus i gcásanna onnmhairithe ag an onnmhaireoir a luaitear sa dearbhú custaim.
|
|
Airteagal 17 5
|
5. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh údaráis chustaim faisnéis maidir le himréiteach custaim na n-earraí don chóras ceadúnúcháin trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam.
|
|
Airteagal 17 6
|
6. Allmhaireoirí substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcoimeádáin is féidir a athlíonadh, cuirfidh siad ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, dearbhú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3), lena n-áirítear fianaise lena ndeimhnítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le filleadh an choimeádáin chun é a athlíonadh.
|
|
Airteagal 17 7
|
7. Allmhaireoirí halón i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (g), agus onnmhaireoirí halón i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (e), cuirfidh siad deimhniú ar fáil do na húdaráis chustaim lena ndeimhnítear cineál na substaintí mar a liostaítear in Airteagal 13(1), pointe (g), agus Airteagal 14(1), pointe (e), agus déanfar é sin tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó leis an onnmhairiú.
|
|
Airteagal 17 8
|
8. Cuirfidh allmhaireoirí substaintí ídithe ózóin ar fáil d’údaráis chustaim an tráth a chuirtear isteach an dearbhú custaim a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht, an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 15(4).
|
|
Airteagal 17 9
|
9. Déanfaidh údaráis chustaim comhlíonadh na rialacha maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú agus na rialuithe bunaithe ar anailís riosca á ndéanamh acu i gcomhthéacs an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim agus i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Cuirfear i gcuntas leis an anailís riosca sin, go háirithe, aon fhaisnéis atá ar fáil faoin dóchúlacht gurb ann do thrádáil neamhdhleathach i substaintí ídithe ózóin, agus stair chomhlíontachta an ghnóthais lena mbaineann.
|
|
Airteagal 17 10
|
10. Bunaithe ar anailís riosca, agus rialuithe custaim fisiciúla á ndéanamh acu ar na substaintí ídithe ózóin, na táirgí agus an trealamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh an t-údarás custaim, go háirithe, na nithe seo a leanas a fhíorú maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe:
|
(a)
|
go gcomhfhreagraíonn na hearraí a chuirtear i láthair do na hearraí sin ar a dtugtar tuairisc sa cheadúnú agus sa dearbhú custaim;
|
|
(b)
|
go ndéantar na hearraí a lipéadú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 15(4) sula scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht.
|
An t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir, cuirfidh sé a cheadúnas ar fáil d’údaráis chustaim le linn na rialuithe i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
|
|
Airteagal 17 11
|
11. Déanfaidh údaráis chustaim na substaintí, na tairgí agus an trealamh ídithe ózóin a thoirmeasctar leis an Rialachán seo lena ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagail 197 agus 198 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a choigistiú nó a urghabháil nó cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas chun a áirithiú go ndéanfar substaintí, táirgí agus trealamh den sórt sin a choigistiú agus a urghabháil lena ndiúscairt a áirithiú. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh freisin substaintí, tairgí agus trealamh den sórt sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Cuirfear toirmeasc ar shubstaintí, táirgí agus trealamh ídithe ózóin a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach gcomhlíonann an Rialachán seo a athonnmhairiú.
|
|
Airteagal 17 12
|
12. Déanfaidh údaráis chustaim nó údaráis um fhaireachas margaidh na bearta uile is gá chun cosc a chur ar iarrachtaí na substaintí, na táirgí agus an trealamh ídithe ózóin a chumhdaítear leis an Rialachán seo a allmhairiú nó a onnmhairiú, ar substaintí, táirgí agus trealamh iad a raibh cosc cheana orthu a bheith ag dul isteach sa chríoch nó ag imeacht aisti.
|
|
Airteagal 17 13
|
13. Ainmneoidh nó formheasfaidh Ballstáit oifigí custaim nó áiteanna eile agus sonróidh siad an bealach chuig na hoifigí nó na háiteanna sin, i gcomhréir le hAirteagail 135 agus 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, chun substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin a chur faoi bhráid údaráis chustaim nuair atá na substaintí sin ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ag imeacht aisti. Is pearsanra oifige custaim nó daoine údaraithe eile a dhéanfaidh rialuithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta, ar pearsanra nó daoine iad a bheidh eolach faoi chúrsaí a bhaineann le cosc a chur ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a mbeidh rochtain acu ar threalamh oiriúnach chun na rialuithe fisiceacha ábhartha a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca.
Ní údarófar ach na hoifigí custaim nó áiteanna eile ainmnithe nó formheasta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun tús nó deireadh a chur le nós imeachta idirthurais maidir le substaintí ídithe ózóin a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na substaintí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.02.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0590
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|