1. I gcás ina gceanglaítear é chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, rachaidh údaráis inniúla gach Ballstáit, lena n-áirítear údaráis chustaim, údaráis um fhaireachas margaidh, údaráis chomhshaoil agus aon údaráis inniúla eile a bhfuil feidhmeanna cigireachta acu, i gcomhar le chéile, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, leis an gCoimisiún, agus, más gá, le húdaráis riaracháin tríú tíortha.
I gcás ina bhfuil gá le comhar le húdaráis chustaim chun cur chun feidhme cuí an Chórais Bainistíochta Riosca Custaim a áirithiú, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.