1. Foilseoidh an Coimisiún réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach agus CEI ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, trí mheán leictreonach, i bhformáidí atá oscailte, meaisín-inléite, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 (19) agus (AE) 2019/882 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, inaimsithe agus in-athúsáidte, más infheidhme, i dteannta a gcóid fhoinsigh dhoiciméadaithe agus a meiteashonraí. Foilseofar leaganacha meaisínaistrithe de réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.