4. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus ar iarraidh chomhpháirteach a fháil ó thrí rannpháirtí ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún bunú bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a údarú. I gcás inarb iomchuí, sonrófar san iarraidh faisnéis amhail an cuspóir atá leis an bpróiseáil sonraí pearsanta, na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis agus a róil, catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann agus a bhfoinsí, agus an tréimhse choinneála atá beartaithe. Ní ghabhfaidh an comhairliúchán ionad an réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás ina mbunaíonn eintiteas amháin nó níos mó de chuid an Aontais an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, lena n-áirítear le rannpháirtíocht comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, ní bheidh gá le haon údarú.