+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.

Airteagal 5

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Agus clárú á dhéanamh de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, tíolacfaidh óstach dearbhú ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

le haghaidh gach aonaid:

(i) 

seoladh sonrach an aonaid lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, a uimhir, uimhir an bhosca litreach, murab ionann an dá uimhir, an t-urlár ar a bhfuil an t-aonad, an tagairt do chlárlann na talún nó aon chineál eile faisnéise a fhágann gur féidir é a shainaithint go beacht;

(ii) 

an cineál aonaid;

(iii) 

cé acu an bhfuil an t-aonad á thairiscint mar chuid de phríomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó mar iomlán na príomháite cónaithe nó na háite cónaithe tánaistí sin, nó chun críoch eile;

(iv) 

líon uasta na n-áiteanna leapa atá ar fáil san aonad agus na n-aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal;

(v) 

i gcás inarb infheidhme, cé acu an bhfuil an t-aonad faoi réir scéim údarúcháin faoina gceanglaítear ar an óstach údarú a fháil ón údarás inniúil ábhartha chun seirbhísí cóiríochta gearrthéarmacha ar cíos a thairiscint, agus má cheanglaítear amhlaidh, an bhfuil údarú den sórt sin faighte ag an óstach;

(b) 

i gcás inar duine nádúrtha an t-óstach, na nithe seo a leanas a bhaineann leis an duine sin:

(i) 

ainm;

(ii) 

uimhir aitheantais nó faisnéis eile lenar féidir an duine a shainaithint;

(iii) 

seoladh;

(iv) 

uimhir theileafóin;

(v) 

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa;

(c) 

i gcás inar duine dlítheanach an t-óstach:

(i) 

a ainm;

(ii) 

an uimhir chlárúcháin ghnó náisiúnta;

(iii) 

ainm ionadaí dhlíthiúil;

(iv) 

a seoladh cláraithe;

(v) 

uimhir theileafóin teagmhála ionadaí amháin ar a laghad an duine dhlítheanaigh sin;

(vi) 

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa.

Airteagal 5 2.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí in éineacht leis an bhfaisnéis a thíolactar de bhun mhír 1. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(v), i gcás ina ndearbhaíonn an t-óstach go bhfuil an t-aonad faoi réir údaraithe, nó i gcás ina gceadaítear leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear i mír 1 cinneadh uathoibríoch go bhfuil feidhm ag ceanglas údarúcháin, féadfaidh na Ballstáit cóip den údarú, nó tagairt shoiléir dó, a iarraidh.
Airteagal 5 3.
I gcás ina gceanglaíonn Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a thíolacadh, lena n-áirítear faisnéis agus doiciméadacht maidir le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), ní dochar tíolacadh na faisnéise agus na doiciméadachta sin d’eisiúint na huimhreach clárúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (b). I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit a chur ar chumas óstach freisin seirbhísí breise atá coimhdeach leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a dhearbhú.
Airteagal 5 4.
Gan dochar d’Airteagal 6, i gcás ina bhfuil athrú ábhartha ar an staid a bhfuil bunús leis de réir na faisnéise agus na doiciméadachta arna soláthar de bhun mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh óstaigh an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a nuashonrú agus áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonrú den sórt sin tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e).
Airteagal 5 5.
Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht arna tíolacadh de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 go gcoimeádfar ar bhealach slán í agus nach ndéanfar amhlaidh ach ar feadh tréimhse is gá chun an t-aonad a shainaithint agus ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí tar éis don óstach a léiriú, tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (g), gur cheart an t-aonad a bhaint den chlárlann. Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht arna soláthar ag an óstach de bhun mhíreanna 1 agus 2 nach ndéanfar iad a phróiseáil ach amháin chun an uimhir chlárúcháin a eisiúint agus chun comhlíonadh na rialacha is infheidhme de chuid an Bhallstáit a áirithiú, ar rialacha iad a bhaineann leis an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin.
Airteagal 5 6.
Beidh óstaigh freagrach as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad do na húdaráis inniúla de bhun an Airteagail seo, agus as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.