+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
---+Airteagal 6 9.
---+Airteagal 6 10.
---+Airteagal 6 11.

Airteagal 6

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Féadfaidh na húdaráis inniúla, tráth ar bith tar éis an uimhir clárúcháin a bheith eisithe, an dearbhú a fhíorú mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta arna tíolacadh ag óstach de bhun Airteagal 5(1) agus (2).
Airteagal 6 2.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil, tar éis fíorú a dhéanamh de bhun mhír 1, go bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna tíolacadh de bhun Airteagal 5(1) agus (2) neamhiomlán nó mícheart, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iarraidh ar an óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e), a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta atá le sonrú ag an údarás inniúil.
Airteagal 6 3.
I gcás ina mainníonn óstach an fhaisnéis nó doiciméadacht arna hiarraidh a cheartú de bhun mhír 2, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.
Airteagal 6 4.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil, tar éis fíorú a dhéanamh de bhun mhír 1, go bhfuil amhrais fhollasacha agus thromchúiseacha ann a mhéid a bhaineann le barántúlacht agus bailíocht na faisnéise nó na doiciméadachta arna tíolacadh de bhun Airteagal 5(1) agus (2), beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne tuilleadh faisnéise a sholáthar ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla barántúlacht agus bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a fhíorú, nó chun aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.
Airteagal 6 5.
I gcás ina mbeartaíonn údarás inniúil bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 3 nó 4, nó uimhir nó uimhreacha clárúcháin a tharraingt siar de bhun mhír 6, tabharfaidh sé fógra don óstach i scríbhinn lena sonraítear na cúiseanna leis sin a bheith de rún aige a dhéanamh. Tabharfar deis éisteachta don óstach agus, i gcás inarb iomchuí, deis chun an fhaisnéis nó an doiciméadacht i gceist a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta atá le sonrú ag an údarás inniúil. I gcás inarb amhlaidh, tar éis don údarás inniúil éisteacht leis an óstach, go ndearbhaíonn an t-údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don óstach faoin gcinneadh bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí, agus cóip den ordú dá dtagraítear i míreanna 3 nó 4 in éineacht leis, nó faoin gcinneadh an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin a tharraingt siar, agus cóip den ordú in éineacht leis i gcomhréir le mír 6.
Airteagal 6 6.
Gan dochar do mhír 5, i gcás inar mhainnigh an t-óstach, trí mhí-iompar toiliúil nó trí mhórfhaillí, an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le mír 3 a cheartú, nó i gcás inar sholáthair an t-óstach faisnéis atá neamhbharántúil nó neamhbhailí i gcomhréir le mír 4, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin a tharraingt siar agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.
Airteagal 6 7.

Beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas in orduithe a eisítear de bhun mhíreanna 3, 4, 6 agus 11:

(a) 

ráiteas ar chúiseanna;

(b) 

faisnéis shoiléir lena gcuirtear ar chumas sholáthraí an ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an liostú nó na liostuithe lena mbaineann a shainaithint agus a lonnú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus céannacht an údaráis inniúil;

(c) 

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, céannacht an óstaigh agus uimhir chlárúcháin an aonaid arna thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, nó, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an óstach agus an aonad a shainaithint.

Airteagal 6 8.
Fanfaidh bailíocht uimhreach clárúcháin ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus an doiciméadacht ábhartha ceartaithe ag an óstach leis na húdaráis inniúla. Tar éis dóibh an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag an óstach a fháil tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e), tar éis dóibh cruinneas agus iomláine na faisnéise agus na doiciméadachta sin a fhíorú, agus tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ceart, tabharfaidh na húdaráis inniúla an uimhir chlárúcháin ar ais.
Airteagal 6 9.
Cuirfidh an t-údarás inniúil na hóstaigh ar an eolas faoi na sásraí sásaimh atá ar fáil i ndáil leis na céimeanna arna ndéanamh de bhun mhíreanna 2 go 6 agus 8.
Airteagal 6 10.
I gcás ina gceanglaíonn Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a thíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus ina gcinneann an t-údarás inniúil go bhfuil amhrais thromchúiseacha ann maidir le comhlíonadh na rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), féadfaidh an Ballstát forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis nó doiciméadacht den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil an ceanglas i gceist neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus go gcomhlíontar dlí an Aontais leis.
Airteagal 6 11.
I gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar chumas na n-údarás inniúil leis an dlí náisiúnta ordú do sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar agus liostuithe a bhaint a bhaineann le haonaid arna dtairiscint gan uimhir chlárúcháin nó le huimhir chlárúcháin neamhbhailí, nó i gcásanna a bhaineann le mí-úsáid uimhreach clárúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.