+Airteagal 11
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
|
Airteagal 11
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. Gníomhóidh na comhordaitheoirí náisiúnta sin mar phointí teagmhála le haghaidh na rialtas faoi seach dá gcuid le haghaidh gach ábhar a bhaineann leis an bpointe iontrála aonair digiteach. Beidh an comhordaitheoir náisiúnta le haghaidh gach Ballstáit freagrach as teagmhálaithe leis an gCoimisiún i leith gach ábhair a bhaineann leis an bpointe iontrála aonair digiteach. Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi ainm agus sonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus dá sonraí teagmhála a choinneáil agus a choimeád ar bun.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Leis seo, bunaítear grúpa comhordúcháin na bpointí iontrála aonair digiteacha (‘an grúpa comhordúcháin’). Beidh an grúpa comhordúcháin comhdhéanta den chomhordaitheoir náisiúnta ó gach Ballstát agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht air. Glacfaidh an grúpa comhordúcháin a rialacha nós imeachta. Tacóidh an Coimisiún le feidhmiú an ghrúpa comhordúcháin. Féadfaidh an grúpa comhordúcháin, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha maidir le pointí sonracha, lena n-áirítear formáid chomhchuibhithe na comhroinnte sonraí.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Tacóidh an grúpa comhordúcháin le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na pointí iontrála aonair digiteacha. Go háirithe, déanfaidh an grúpa comhordúcháin na cúraimí seo a leanas:
(a)
malartú na ndea-chleachtas a éascú maidir le hábhair a bhaineann le comhordú an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 10;
(b)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún úsáid na réiteach idir-inoibritheachta a chur chun cinn le haghaidh fheidhmiú na bpointí iontrála aonair digiteacha, malartú sonraí, agus seiceálacha uathoibrithe, lena n-áirítear seiceálacha ar gach liostú agus ar gach uimhir chlárúcháin;
(c)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le formáid na dteachtaireachtaí chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur agus, más iomchuí, maidir le struchtúr coiteann na n-uimhreacha clárúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|