|
+Airteagal 11 3. |
Airteagal 11 3.Tacóidh an grúpa comhordúcháin le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na pointí iontrála aonair digiteacha. Go háirithe, déanfaidh an grúpa comhordúcháin na cúraimí seo a leanas:
(a)
malartú na ndea-chleachtas a éascú maidir le hábhair a bhaineann le comhordú an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 10;
(b)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún úsáid na réiteach idir-inoibritheachta a chur chun cinn le haghaidh fheidhmiú na bpointí iontrála aonair digiteacha, malartú sonraí, agus seiceálacha uathoibrithe, lena n-áirítear seiceálacha ar gach liostú agus ar gach uimhir chlárúcháin;
(c)
cúnamh a thabhairt don Choimisiún cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le formáid na dteachtaireachtaí chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur agus, más iomchuí, maidir le struchtúr coiteann na n-uimhreacha clárúcháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|