|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;
(b)
tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint san Aontas ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;
(c)
a mhéid a chomhlíonann ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos faoin Rialachán seo, agus tuairisciú na n-údarás inniúil á chur san áireamh;
(d)
a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar, forfheidhmiú agus comhréireacht na bhforálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;
(e)
a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar éifeachtacht an fhorfheidhmithe agus an chomhair idir údaráis inniúla ar an leibhéal trasteorann i gcás ina soláthraítear seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn trasteorann; agus
(f)
an gá atá le pointe iontrála aonair digiteach láraithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun foráil a dhéanamh maidir le comhéadan uathúil d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus chun comhroinnt sonraí gníomhaíochta a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|