+Airteagal 18
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.

Airteagal 18

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Tráth nach déanaí ná an 20 Bealtaine 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí dá chuid faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar an tuarascáil arna tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14 agus, i gcás inarb ábhartha, ar na sonraí arna dtarchur chuig Eurostat i gcomhréir le hAirteagal 12(4).
Airteagal 18 2.

Leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(b) 

tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint san Aontas ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(c) 

a mhéid a chomhlíonann ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos faoin Rialachán seo, agus tuairisciú na n-údarás inniúil á chur san áireamh;

(d) 

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar, forfheidhmiú agus comhréireacht na bhforálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;

(e) 

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar éifeachtacht an fhorfheidhmithe agus an chomhair idir údaráis inniúla ar an leibhéal trasteorann i gcás ina soláthraítear seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn trasteorann; agus

(f) 

an gá atá le pointe iontrála aonair digiteach láraithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun foráil a dhéanamh maidir le comhéadan uathúil d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus chun comhroinnt sonraí gníomhaíochta a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1028
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.