+Airteagal 3
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
|
Airteagal 3
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1, lena n-áirítear i bhfoirm neamhphróiseáilte, ag aon chéim phróiseála agus nuair is ann dóibh mar sheachtháirge de phróisis eile eastósctha, phróiseála nó athchúrsála, measfar gur amhábhair straitéiseacha iad.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Iarscríbhinn I, Roinn 1, a leasú chun liosta na n-amhábhar straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta. Áireofar ar liosta nuashonraithe d’amhábhair straitéiseacha, as measc na n-amhábhar a ndéantar measúnú orthu, na hamhábhair is airde scór ó thaobh tábhacht straitéiseach, fás réamh-mheasta ar an éileamh agus an deacracht a bhaineann le táirgeadh a mhéadú de. Is i gcomhréir le hIarscríbhinn I, Roinn 2, a chinnfear an tábhacht straitéiseach, an fás réamh-mheasta ar an éileamh agus an deacracht a bhaineann leis an táirgeacht a mhéadú.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach agus, más gá, déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta faoin 24 Bealtaine 2027, agus gach trí 3 bliana ina dhiaidh sin. Arna iarraidh sin don Bhord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a bhunaítear le hAirteagal 35 (‘an Bord’) ar bhonn an fhaireacháin agus na tástála struis i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrú air aon tráth i dteannta na n-athbhreithnithe rialta. Mar chuid den chéad nuashonrú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Iarscríbhinn I, Roinn 2, i dtaobh ar cheart graifít shintéiseach fanacht ar liosta na n-amhábhar straitéiseach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|