+Airteagal 8
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.

Airteagal 8

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.

Cuirfidh an tionscnóir tionscadail, i ndiaidh dháta an aitheantais mar Thionscadal Straitéiseach, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Tionscadail Straitéisigh, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, cúiseanna atá le moilleanna i gcomparáid leis an tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), agus plean chun na moilleanna sin a shárú;

(c) 

dul chun cinn maidir leis an Tionscadal Straitéiseach a mhaoiniú, lena n-áirítear faisnéis maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí.

Cuirfidh an Coimisiún cóip den tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Bhoird chun na pléití dá dtagraítear in Airteagal 36(7), pointe (c), a éascú.

Airteagal 8 2.
Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a iarraidh ar thionscnóirí tionscadail atá ábhartha i dtaobh chur chun feidhme an Tionscadail Straitéisigh chun a fhionnadh an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) á gcomhlíonadh go leanúnach.
Airteagal 8 3.

Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

(a) 

athruithe ar an Tionscadal Straitéiseach lena ndéantar difear dá chomhlíonadh leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1);

(b) 

athruithe ar rialú na ngnóthas atá rannpháirteach sa Tionscadal Straitéiseach ar bhonn buan, i gcomparáid leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (e).

Airteagal 8 4.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad aonair atá le húsáid ag tionscnóirí tionscadail chun an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil. Féadfaidh an teimpléad aonair a léiriú conas atá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le cur in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Maidir le méid na doiciméadachta is gá chun an teimpléad aonair dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlánú, beidh sé réasúnta.

Airteagal 8 5.
Bunóidh an tionscnóir tionscadail, agus nuashonróidh sé go rialta, suíomh gréasáin an ghnóthais nó suíomh gréasáin tiomnaithe tionscadail ar a mbeidh faisnéis a bheidh ábhartha don phobal áitiúil agus chun glacadh an phobail leis an Tionscadal Straitéiseach a chothú, lena n-áirítear ar a laghad faisnéis ar na tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha agus ar na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an Tionscadal Straitéiseach. Beidh an chuid ábhartha de shuíomh gréasáin an ghnóthais nó an suíomh gréasáin tiomnaithe tionscadail inrochtana don phobal saor in aisce agus ní éileofar soláthar sonraí pearsanta leis (suíomh gréasáin saor-rochtana). Beidh sé ar fáil i dteanga nó i dteangacha is féidir leis an bpobal áitiúil a thuiscint go héasca.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.