+Airteagal 9
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
---+Airteagal 9 8.
---+Airteagal 9 9.
|
Airteagal 9
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Faoin 24 Feabhra 2025, déanfaidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó ná sin a bhunú nó a ainmniú mar phointí teagmhála aonair. I gcás ina ndéanann Ballstát níos mó ná pointe teagmhála amháin den sórt sin a bhunú nó a ainmniú, áiritheoidh sé nach mbeidh ach pointe teagmhála amháin den sórt sin ann de réir an leibhéil riaracháin ábhartha agus de réir chéim shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil.
|
|
Airteagal 9 2.
|
I gcás ina mbunaíonn nó ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná pointe teagmhála amháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo, soláthróidh sé suíomh gréasáin simplí, inrochtana ar a ndéanfar na pointí teagmhála uile, lena n-áirítear a seoladh agus a modhanna leictreonacha cumarsáide, a liostú agus a chatagóiriú go soiléir de réir an leibhéil riaracháin ábhartha agus de réir chéim shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil. Féadfaidh inneachar a sholáthraítear de bhun Airteagal 18 a bheith ar an suíomh gréasáin freisin.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Beidh na pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo (pointí teagmhála aonair) freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail amhábhair chriticiúil a éascú agus a chomhordú agus as faisnéis a sholáthar maidir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an uair a mheastar go bhfuil iarratas comhlánaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(6). Déanfaidh siad comhordú agus éascú ar thíolacadh aon doiciméad agus faisnéise ábhartha.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Is iad na pointí teagmhála aonair lena mbaineann amháin a bheidh mar phointe teagmhála ag an tionscnóir tionscadail agus cuideoidh siad leis an tionscnóir tionscadail tuiscint a fháil ar aon ábhar riaracháin atá ábhartha don phróiseas deonaithe ceadanna.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Beidh an deis ag tionscnóirí tionscadail tionscadal amhábhar criticiúil teagmháil a dhéanamh leis an aonad riaracháin ábhartha, laistigh den phointe teagmhála aonair, atá freagrach as na cúraimí a shonraítear san Airteagal seo. Má thagann athrú ar an aonad riaracháin ábhartha, leanfaidh an t-aonad ábhartha dá fhreagrachtaí a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh go dtí go gcuirfear an t-athrú sin in iúl don tionscnóir tionscadail.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Ceadófar do thionscnóirí tionscadail na doiciméid uile is ábhartha don phróiseas deonaithe ceadanna a thíolacadh i bhfoirm leictreonach.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh aon staidéir bhailí a dhéantar, nó ceadanna nó údaruithe atá bailí a eisítear, le haghaidh tionscadal amhábhair chriticiúil ar leith agus nach mbeidh gá le staidéir, ceadanna ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 9 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí ar fhaisnéis faoi nósanna imeachta agus ar nósanna imeachta chun díospóidí a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a réiteach i gcás tionscadail amhábhar criticiúil, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí malartacha um réiteach díospóidí.
|
|
Airteagal 9 9.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne atá cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá ag na pointí teagmhála aonair chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|