+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Measfar go rannchuideoidh Tionscadail Straitéiseacha le slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach san Aontas.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil a ndírítear orthu in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE nó i bhforálacha reachtacha an Aontais maidir le héiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athbhunú, measfar gur de leas an phobail nó gur chun leasa na sábháilteachta agus na sláinte poiblí iad na Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Chun iar éifeachtúil an phróisis deonaithe ceadanna a bhaineann leis na Tionscadail Straitéiseacha san Aontais a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go ndéanfar na próisis sin chomh gasta agus is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Gan dochar do na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, déanfar an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir a dheonú do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas, i gcás ina bhfuil stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus déileálfar leo dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le heisiúint ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas os comhair aon chúirteanna, aon bhinsí, nó painéil, lena n-áirítear maidir le hidirghabháil nó eadráin, i gcás inar ann dóibh sa dlí náisiúnta, déileálfar leo mar nósanna imeachta práinne, má dhéantar foráil, agus a mhéid a dhéantar foráil, sa dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta práinne dá leithéid agus ar choinníoll go n-urramaítear cearta cosanta is infheidhme de ghnáth do dhaoine aonair nó do phobail áitiúla. Beidh tionscnóirí tionscadail Tionscadal Straitéiseach rannpháirteach i nós imeachta práinne den sórt sin, i gcás inarb infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|