+Airteagal 11
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.

Airteagal 11

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

I gcás Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná:

(a) 

27 mí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh;

(b) 

15 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil.

Airteagal 11 2.

De mhaolú ar mhír 1, i gcás Tionscadail Straitéiseacha san Aontas a bhí faoi réir an phróisis deonaithe ceadanna sular tugadh aitheantas dóibh mar Thionscadail Straitéiseacha agus i gcás fhadú Tionscadal Straitéiseach atá ann cheana ar deonaíodh cead dóibh cheana, ní bheidh fad an phróisis deonaithe ceadanna tar éis don tionscadal bheith aitheanta mar Thionscadal Straitéiseach, níos faide ná:

(a) 

24 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh;

(b) 

12 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseach nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil.

Airteagal 11 3.
I gcás ina gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céimeanna an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 (2), pointe (g) (i), den Treoir sin i bhfad an phróisis deonaithe ceada dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 11 4.

I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éilítear amhlaidh le cineál, castacht, suíomh nó méid an Tionscadail Straitéisigh, féadfaidh Ballstáit, sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás, síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i:

(a) 

mír 1, pointe (a), agus mír 2, pointe (a), agus síneadh 6 mhí ar a mhéad a bheidh i gceist;

(b) 

mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointe (b), agus síneadh 3 mhí ar a mhéad a bheidh i gceist.

I gcás ina gcuirfear síneadh den sórt sin le teorainn ama, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar cuí leis an síneadh leis an sprioc-am don chinneadh cuimsitheach.

Airteagal 11 5.
De mhaolú ar Airteagal 4(6) de Threoir 2011/92/AE, déanfar an cinneadh i dtaobh an gcuirfear an Tionscadal Straitéiseach faoi réir measúnú i gcomhréir le hAirteagail 5 go 10 den Treoir sin, laistigh de 30 lá ón dáta a chuir an forbróir an fhaisnéis uile isteach a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(4) den Treoir sin.
Airteagal 11 6.
Tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis iarratas deonaithe ceadanna a fháil a bhaineann le Tionscadal Straitéiseach, aithneoidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe nó murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun iarratas a phróiseáil, iarrfaidh sé ar an tionscnóir tionscadail iarratas comhlánaithe a chur isteach gan moill mhíchuí, ina sonrófar cén fhaisnéis atá in easnamh. I gcás ina measfar an t-iarratas arna chur isteach a bheith neamhiomlán don dara huair, ní iarrfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann faisnéis i réimsí nach gcumhdaítear sa chéad iarraidh ar fhaisnéis bhreise agus ní bheidh sé i dteideal ach fianaise bhreise a iarraidh chun an fhaisnéis a sainaithníodh atá in easnamh a chomhlánú.

Is ionann dáta na hadmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus tús an phróisis deonaithe ceadanna.

Airteagal 11 7.
Tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta admhála dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna. Foilseoidh an tionscnóir tionscadail an sceideal ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8(5). Déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an sceideal a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina ndéantar athruithe suntasacha air a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’uainiú an chinnidh chuimsithigh.
Airteagal 11 8.
Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann fógra don tionscnóir tionscadail nuair a bheidh an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE dlite, agus eagrú an phróisis deonaithe ceadanna sa Bhallstát lena mbaineann agus an gá atá le dóthain ama a lamháil chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil á gcur san áireamh. Ní dhéanfar an tréimhse idir an sprioc-am chun an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chur isteach agus an dáta iarbhír a gcuirtear an tuarascáil sin isteach, a áireamh i dtreo fhad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 11 9.
I gcás ina bhfágfaidh an comhairliúchán de bhun Airteagal 1(2), pointe (g)(ii), de Threoir 2011/92/AE gur gá an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a fhorlíonadh le faisnéis bhreise, féadfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an deis a thabhairt don tionscnóir tionscadail faisnéis bhreise a sholáthar. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an pointe teagmhála aonair sin fógra don tionscnóir tionscadail nuair a bheidh an fhaisnéis bhreise dlite, is é sin tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an fhógra. Ní dhéanfar an tréimhse idir an sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar agus cur isteach na faisnéise sin, a chur san áireamh i dtreo fhad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
Airteagal 11 10.
Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.