+Airteagal 12
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
|
Airteagal 12
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
I gcás inar gá measúnú tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh i gcomhair Tionscadal Straitéiseach i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, déanfaidh an tionscnóir tionscadail ábhartha, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an fhógra i dtaobh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fháil agus sula gcuirfear an t-iarratas isteach, tuairim a iarraidh ón bpointe teagmhála aonair lena mbaineann ar raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol faoi Airteagal 5(1) den Treoir sin. Áiritheoidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go n-eiseofar an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná 45 lá ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh ar thuarim isteach.
|
|
Airteagal 12 2.
|
I gcás Tionscadail Straitéiseacha dá n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach ó Threoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE 2010/75/AE agus 2011/92/AE, nó ó Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear nós imeachta comhordaithe nó nós imeachta comhpháirteach i bhfeidhm lena gcomhlíontar ceanglais uile na ngníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais. Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh an t-údarás inniúil na measúnuithe aonair éagsúla ar thionchar comhshaoil tionscadal ar leith a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadal ar leith a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseoidh na húdaráis inniúla an chonclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv), de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnacht tionchair timpeallachta ar Thionscadal Straitéiseach laistigh de 90 lá ón bhfaisnéis riachtanach uile a fháil de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin agus tar éis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin.
|
|
Airteagal 12 4.
|
I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na Ballstáit síneadh 20 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, sula rachaidh sí in éag agus ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar cuí leis an síneadh agus faoin sprioc-am dá chonclúid réasúnaithe.
|
|
Airteagal 12 5.
|
I gcás Tionscadail Straitéiseacha, ní bheidh an tréimhse ama chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e) de Threoir 2011/92/AE agus leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir sin maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Treoir sin níos faide ná 85 lá agus, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Treoir sin, ní bheidh sí níos giorra í ná 30 lá. I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann síneadh suas le 40 lá a chur leis an tréimhse ama. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna lena dtugtar údar le síneadh den sórt sin.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sula mbeidh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach acu. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sula mbeidh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach acu ach amháin a mhéid nach mbeidh na céimeanna a dtugtar aghaidh orthu sna míreanna sin curtha i gcrích go fóill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|