+Airteagal 19
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
|
Airteagal 19
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Faoin 24 Bealtaine 2025, déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta a tharraingt suas le haghaidh taiscéalaíocht ghinearálta a bheidh dírithe ar amhábhair chriticiúla agus ar mhianraí iompróra amhábhar criticiúil. Déanfar athbhreithniú ar na cláir náisiúnta sin gach 5 bliana ar a laghad agus, más gá, tabharfar cothrom le dáta iad.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Beidh bearta sna cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 chun an fhaisnéis atá ar fáil faoi tharluithe amhábhar criticiúil san Aontas a mhéadú. Cuimseofar na bearta seo a leanas iontu, de réir mar is iomchuí:
(a)
mapáil mianraí ar scála oiriúnach;
(b)
feachtais gheoiceimiceacha, lena n-áirítear chun comhdhéanamh ceimiceach ithreacha, dríodar nó carraigeacha a shuí;
(c)
suirbhéanna geo-eolaíocha, amhail suirbhéanna geoifisiceacha;
(d)
próiseáil na sonraí arna mbailiú trí thaiscéalaíocht ghinearálta, lena n-áirítear trí mhapaí tuarthacha a fhorbairt;
(e)
sonraí suirbhé geo-eolaíocha atá ann cheana a athphróiseáil lena sheiceáil an ann do tharluithe mianraí neamhaitheanta ina bhfuil amhábhair chriticiúla agus mianraí iompróra amhábhar criticiúil.
|
|
Airteagal 19 3.
|
I gcás gurb amhlaidh atá dálaí geolaíocha Ballstáit, le hardleibhéal cinnteachta, nach ndéanfar aon fhosuithe d’amhábhair chriticiúla ná a mianraí iompróra a shainaithint trí na bearta a liostaítear i mír 2, féadfaidh fianaise eolaíoch chuige sin a bheith sa chlár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar an fhianaise sin cothrom le dáta, i gcomhthéacs an athbhreithnithe rialta ar an gclár náisiúnta, chun aon athruithe ar liosta na n-amhábhar criticiúil a léiriú.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a sholáthar faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na mbeart ina gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Déanfaidh na Ballstáit mapaí a tharraingt suas lena léirítear bunfhaisnéis faoi tharluithe mianraí ina bhfuil amhábhair chriticiúla arna mbailiú trí na bearta a leagtar amach sna cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana. Áireofar san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, aicmiú na dtarluithe arna sainaithint trí úsáid a bhaint as Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní. Déanfar faisnéis níos mionsonraithe, lena n-áirítear sonraí geoifisiceacha agus geoiceimiceacha próiseáilte ar thaifeach iomchuí, agus mapáil gheolaíoch ar mórscála, a chur ar fáil arna iarraidh sin. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).
|
|
Airteagal 19 7.
|
Agus an comhar atá ann cheana ó thaobh taiscéalaíocht ghinearálta de á chur san áireamh, pléifidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (c), na cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a gcur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
an ionchasacht le haghaidh comhair, lena n-áirítear maidir le taiscéalaíocht a dhéanamh ar tharluithe mianraí trasteorann agus ar fhoirmíochtaí coiteanna geolaíocha;
(b)
dea-chleachtais a bhaineann leis na bearta a liostaítear i mír 2;
(c)
an fhéidearthacht bunachar sonraí comhtháite a chruthú chun torthaí na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a stóráil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|