+Airteagal 21
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.

Airteagal 21

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis don Choimisiún faoi thionscadail amhábhar criticiúil nua nó tionscadail amhábhar criticiúil atá ann cheana ina gcríoch agus atá ábhartha maidir le hAirteagal 20(1), pointe (d), lena n-áirítear aicmiú tionscadal nua de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní.
Airteagal 21 2.

Sainaithneoidh na Ballstáit príomhoibreoirí margaidh feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil atá bunaithe ina gcríoch agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

faireachán ar a ngníomhaíochtaí trí shonraí atá ar fáil go poiblí a thaiscéaladh agus más gá, trí bhíthin suirbhéanna rialta agus comhréireacha d’fhonn an fhaisnéis is gá a bhailiú le haghaidh fhaireachán agus tástáil struis an Choimisiúin de bhun Airteagal 20;

(b) 

ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a sholáthar faoi thorthaí an bhailithe faisnéise de bhun phointe (a) den fhomhír seo;

(c) 

fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi mhórimeachtaí lena bhféadfar bac a chur ar oibríochtaí rialta ghníomhaíochtaí na bpríomhoibreoirí margaidh.

Féadfaidh príomhoibreoirí margaidh diúltú sonraí a iarrtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír a chur isteach más rud é go nochtfaí rúin trádála nó ghnó le comhroinnt sonraí den sórt sin. Ní chuirfidh siad sonraí den sórt isteach ach amháin a mhéid atá siad ar fáil dóibh cheana féin. I gcás ina ndiúltaíonn príomhoibreoir margaidh sonraí a iarrtar nó a mhaíonn nach bhfuil siad ar fáil a chur isteach, cuirfidh sé cúiseanna leis sin ar fáil don Bhallstát iarrthach.

Airteagal 21 3.
Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí arna gcomhthiomsú de bhun mhír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo chuig údaráis staidrimh náisiúnta agus chuig Eurostat chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur chuig údaráis náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.