|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Sainaithneoidh na Ballstáit príomhoibreoirí margaidh feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil atá bunaithe ina gcríoch agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
faireachán ar a ngníomhaíochtaí trí shonraí atá ar fáil go poiblí a thaiscéaladh agus más gá, trí bhíthin suirbhéanna rialta agus comhréireacha d’fhonn an fhaisnéis is gá a bhailiú le haghaidh fhaireachán agus tástáil struis an Choimisiúin de bhun Airteagal 20;
(b)
ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a sholáthar faoi thorthaí an bhailithe faisnéise de bhun phointe (a) den fhomhír seo;
(c)
fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi mhórimeachtaí lena bhféadfar bac a chur ar oibríochtaí rialta ghníomhaíochtaí na bpríomhoibreoirí margaidh. Féadfaidh príomhoibreoirí margaidh diúltú sonraí a iarrtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír a chur isteach más rud é go nochtfaí rúin trádála nó ghnó le comhroinnt sonraí den sórt sin. Ní chuirfidh siad sonraí den sórt isteach ach amháin a mhéid atá siad ar fáil dóibh cheana féin. I gcás ina ndiúltaíonn príomhoibreoir margaidh sonraí a iarrtar nó a mhaíonn nach bhfuil siad ar fáil a chur isteach, cuirfidh sé cúiseanna leis sin ar fáil don Bhallstát iarrthach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|