+Airteagal 24
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
|
Airteagal 24
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Faoin 24 Bealtaine 2025 agus laistigh de 12 mhí ó gach nuashonrú ar an liosta na n-amhábhar straitéiseach de bhun Airteagal 3(3), sainaithneoidh na Ballstáit na cuideachtaí móra atá oibríochtúil ar a gcríoch agus a úsáideann amhábhair straitéiseacha chun ceallraí le haghaidh stóráil fuinnimh agus leictrea-shoghluaisteachta a mhonarú, mar aon le trealamh a bhaineann le táirgeadh agus úsáid hidrigine, trealamh a bhaineann le giniúint fuinnimh in-athnuaite, aerárthaí, mótair tarraingthe, teaschaidéil, trealamh a bhaineann le tarchur agus stóráil sonraí, feistí leictreonacha soghluaiste, trealamh a bhaineann le monarú breiseán, trealamh a bhaineann le róbataic, dróin, lainseálaithe roicéad, satailítí nó ardsliseanna.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Gach 3 bliana ar a laghad agus a mhéid atá an fhaisnéis is gá ar fáil dóibh, déanfaidh na cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 measúnú riosca ar a slabhra soláthair amhábhar criticiúil d’amhábhair straitéiseacha, lena n-áirítear:
(a)
mapáil den áit a ndéantar na hamhábhair straitéiseacha a úsáideann siad a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;
(b)
anailís ar na tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar d’amhábhair straitéiseacha;
(c)
measúnú ar a leochaileachtaí i leith suaitheadh soláthair.
|
|
Airteagal 24 3.
|
I gcás nach ndéanfaidh soláthróirí na gcuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur ar fáil dóibh arna iarraidh sin, féadfaidh siad a measúnú riosca a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna foilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4), nó ar bhonn faisnéis atá ar fáil go poiblí ar bhealach eile, a mhéid is féidir.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Má bhraitear leochaileachtaí suntasacha i ndáil le suaitheadh soláthair mar thoradh ar an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear faoi mhír 1 iarrachtaí na leochaileachtaí sin a mhaolú, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a éagsúlú nó na hamhábhair straitéiseacha a ionadú.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Féadfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil a thíolacadh dá mbord stiúrthóirí ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear foinse na faisnéise ar a bhfuil an measúnú bunaithe, aon rioscaí suntasacha arna mbrath chomh maith le bearta maolaithe atá beartaithe nó arna gcur chun feidhme.
|
|
Airteagal 24 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 agus na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thíolacadh dá mbord stiúrthóirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|