+Airteagal 26
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
|
Airteagal 26
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Faoi 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, déanfaidh gach Ballstát cláir náisiúnta a ghlacadh agus a chur chun feidhme, nó a áireamh iontu, ina mbeidh bearta arna gceapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú;
(b)
cosc dramhaíola a chur chun cinn agus athúsáid táirgí agus comhpháirteanna a bhfuil ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo a mhéadú;
(c)
bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola a bhfuil ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint léi, lena n-áirítear dramh-mhiotal, a mhéadú, agus tabhairt isteach na dramhaíola sin sa chóras athchúrsála iomchuí a áirithiú, d’fhonn infhaighteacht agus cáilíocht ábhair in-athchúrsáilte mar ionchur i saoráidí athchúrsála amhábhar criticiúil a uasmhéadú;
(d)
úsáid amhábhar criticiúil tánaisteach a mhéadú, lena n-áirítear trí bhearta amhail ábhar athchúrsáilte a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana a bhaineann le soláthar poiblí nó trí dhreasachtaí airgeadais le haghaidh úsáid na n-amhábhar criticiúil tánaisteach;
(e)
aibíocht theicneolaíoch na dteicneolaíochtaí athchúrsála le haghaidh amhábhair chriticiúla a mhéadú, agus dearadh ciorclach, éifeachtúlacht ábhar agus ionadú amhábhar criticiúil i dtáirgí agus i bhfeidhmeanna a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí tacaíochta chuige sin a áireamh faoi chláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta ar a laghad;
(f)
a áirithiú go mbeidh bearta i bhfeidhm chun go mbeidh na scileanna is gá ag a lucht saothair chun tacú le ciorclaíocht an tslabhra luacha amhábhar criticiúil, lena n-áirítear bearta uas-scilithe agus athscilithe;
(g)
i gcás ina bhfuil ranníocaíochtaí airgeadais le híoc i gcomhréir lena oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 2008/98/CE, módúlacht ranníocaíochtaí airgeadais den sórt sin a chur chun cinn chun cion is mó d’amhábhair chriticiúla thánaisteacha arna n-aisghabháil ó dhramhaíl, arna hathchúrsáil i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil ábhartha de chuid an Aontais, a bheith i dtáirgí;
(h)
na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann amhábhair chriticiúla a onnmhairítear tar éis scor de bheith ina ndramhaíl na coinníollacha ábhartha i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus le dlí ábhartha eile an Aontais;
(i)
i gcás inarb ábhartha, tacú le húsáid chaighdeáin cháilíochta an Aontais le haghaidh próisis athchúrsála sruthanna dramhaíola ina bhfuil amhábhair chriticiúla.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Féadfar na cláir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú i bpleananna bainistithe dramhaíola nua nó i bpleananna bainistithe dramhaíola atá ann cheana agus i gcláir coiscthe dramhaíola arna nglacadh de bhun Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2008/98/CE. Déanfar na cláir náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú laistigh de 5 bliana óna nglacadh agus a thabhairt cothrom le dáta.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Cuimseofar go háirithe sna cláir dá dtagraítear i mír 1 táirgí agus dramhaíl nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sonrach maidir le bailiú, cóireáil, athchúrsáil nó athúsáid faoi dhlí an Aontais. I gcás táirgí agus dramhaíl eile, cuirfear na bearta chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais. Maidir le mír 1, pointí (b), (c) agus (d), féadfar a áireamh sna cláir dá dtagraítear sna pointí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí airgeadais a thabhairt isteach, amhail lascainí, luach saothair airgeadaíochta nó córais aisíoctha éarlaisí, chun ullmhú don athúsáid agus athúsáid táirgí lena mbaineann ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil a spreagadh, mar aon le bailiú agus cóireáil dramhaíola ó tháirgí den sórt sin.
|
|
Airteagal 26 4.
|
Déanfar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhearadh d’fhonn bacainní ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta a sheachaint i gcomhréir le CFAE.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit cainníochtaí na gcomhpháirteanna ina bhfuil méideanna ábhartha amhábhar criticiúil a aistrítear ó dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus cainníochtaí na n-amhábhar criticiúil a bhaintear ón dramhthrealamh sin a shainaithint ar leithligh agus déanfaidh siad na cainníochtaí sin a thuairisciú. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus mionsonraí an tuairiscithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3). Cumhdófar sa chéad tréimhse tuairiscithe an chéad bhliain féilire iomlán i ndiaidh ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin isteach agus iad ag tuairisciú na sonraí don Choimisiún a bhaineann leis na cainníochtaí de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach arna athchúrsáil de bhun Airteagal 16(6) de Threoir 2012/19/AE.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis faoi ghlacadh na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme éifeachtach na mbeart arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 26 7.
|
Faoin 24 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar liosta de tháirgí, de chomhpháirteanna agus de shruthanna dramhaíola a measfar, ar a laghad, go bhfuil ionchasacht ábhartha go n-aisghabhfar amhábhair chriticiúla ag baint leo de réir bhrí mhír 1, pointí (b) agus (c). Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
méid iomlán na n-amhábhar criticiúil is in-aisghabhála ó na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin:
(b)
a mhéid a chumhdaítear na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin le dlí an Aontais;
(d)
dúshláin ar leith a dhéanann difear do bhailiú agus do chóireáil dramhaíola i dtaca le táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola;
(e)
córais bailithe agus cóireála dramhaíola atá ann cheana agus a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|