|
+Airteagal 27 4. |
Airteagal 27 4.Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí de na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta atá lonnaithe ina gcríoch, lena n-áirítear saoráidí dramhaíola eastóscaí tréigthe, seachas na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta i gcás ina bhfágann saintréithe áirithe na láithreán dramhaíola nó na coinníollacha geolaíocha nach dócha gur ann do chainníochtaí d’amhábhair chriticiúla a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go teicniúil. Áireofar sa bhunachar sonraí sin faisnéis faoin méid seo a leanas:
(a)
suíomh, méid limistéarach agus toirt dramhaíola na saoráide dramhaíola eastóscaí, nó i gcás inarb iomchuí, a toirt mheasta;
(b)
oibreoir nó iar-oibreoir na saoráide dramhaíola eastóscaí agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomharba dlíthiúil;
(c)
neaschainníochtaí agus neas-chomhchruinnithe na n-amhábhar uile sa dramhaíl eastóscach agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, san fhosú mianraí bunaidh, i gcomhréir le mír 7;
(d)
aon fhaisnéis bhreise a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráid dramhaíola eastóscaí a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|