+Airteagal 27
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.

Airteagal 27

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.

Oibreoirí a bhfuil oibleagáid orthu pleananna bainistithe dramhaíola a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2006/21/CE, cuirfidh siad réamhstaidéar measúnaithe eacnamaíoch ar fáil don údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), den Treoir sin maidir le haisghabháil ionchasach amhábhar criticiúil ón méid seo a leanas:

(a) 

dramhaíl eastóscach atá stóráilte sa tsaoráid; agus

(b) 

dramhaíl eastóscach atá á giniúint nó, i gcás ina meastar go mbeidh sé níos éifeachtaí, ón méid a eastóscadh sular tháinig sí chun bheith ina dramhaíl.

Díolmhófar na hoibreoirí ón oibleagáid a leagtar síos a chéad fhomhír den mhír seo i gcás inar féidir leo a léiriú le hardleibhéal cinnteachta don údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Threoir 2006/21/CE, nach bhfuil amhábhair chriticiúla atá in-aisghabhála go teicniúil sa dramhaíl eastóscach.

Airteagal 27 2.
Áireofar sa staidéar dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, meastachán ar chainníochtaí agus ar chomhchruinnithe na n-amhábhar criticiúil sa dramhaíl eastóscach agus sa toirt eastósctha agus measúnú ar a n-in-aisghabhálacht theicniúil agus eacnamaíoch. Sonróidh na hoibreoirí na modhanna arna n-úsáid chun na cainníochtaí agus na comhchruinnithe a mheas.
Airteagal 27 3.
Faoin 24 Samhain 2026, cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí an staidéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an údaráis inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Threoir 2006/21/CE. Cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí nua an staidéar sin faoi bhráid an údaráis inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27) de Threoir 2006/21/CE agus a bpleananna bainistithe dramhaíola á gcur isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin.
Airteagal 27 4.

Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí de na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta atá lonnaithe ina gcríoch, lena n-áirítear saoráidí dramhaíola eastóscaí tréigthe, seachas na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta i gcás ina bhfágann saintréithe áirithe na láithreán dramhaíola nó na coinníollacha geolaíocha nach dócha gur ann do chainníochtaí d’amhábhair chriticiúla a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go teicniúil. Áireofar sa bhunachar sonraí sin faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a) 

suíomh, méid limistéarach agus toirt dramhaíola na saoráide dramhaíola eastóscaí, nó i gcás inarb iomchuí, a toirt mheasta;

(b) 

oibreoir nó iar-oibreoir na saoráide dramhaíola eastóscaí agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomharba dlíthiúil;

(c) 

neaschainníochtaí agus neas-chomhchruinnithe na n-amhábhar uile sa dramhaíl eastóscach agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, san fhosú mianraí bunaidh, i gcomhréir le mír 7;

(d) 

aon fhaisnéis bhreise a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráid dramhaíola eastóscaí a éascú.

Airteagal 27 5.
Faoin 24 Samhain 2027, déanfaidh gach Ballstát bearta a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a chur chun cinn, go háirithe ó shaoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta a sainaithníodh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 26 mar amhábhair a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch.
Airteagal 27 6.
Cuirfear an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm faoin ►C1  24 Samhain 2025 ◄ agus cuirfear isteach an fhaisnéis uile sa bhunachar sin faoin 24 Bealtaine 2027. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm dhigiteach a bheidh inrochtana don phobal agus nuashonrófar gach 3 bliana ar a laghad í chun faisnéis bhreise atá ar fáil agus saoráidí nuadhúnta nó nua-shainaitheanta a ionchorprú ann.
Airteagal 27 7.

Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), a sholáthar, tabharfaidh na Ballstáit faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

i gcás saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta, faoin ►C1  24 Samhain 2025 ◄ , déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú cuimsitheach ar na comhaid um cheadú atá ar fáil, nó ar dhoiciméid eile atá ar fáil nuair nach ann do chomhaid um cheadú,;

(b) 

i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás ina bhféadfadh faisnéis atá ar fáil a léiriú gur ann do chainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, faoin 24 Bealtaine 2026, déanfaidh na Ballstáit sampláil gheoiceimiceach ionadaíoch freisin,;

(c) 

i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás inar léiríodh leis na gníomhaíochtaí a thuairiscítear faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo cainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, déanfaidh na Ballstáit, faoin 24 Márta 2027, sampláil níos mionsonraithe lena ngabhfaidh tréithriú ceimiceach agus mianreolaíoch ina dhiaidh sin agus lena mbaineann logáil croíleacáin nó teicnící coibhéiseacha, i gcás ina bhfuil an tsampláil sin fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na ceanglais chomhshaoil is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus i gcomhréir le ceanglais Threoir 2006/21/CE i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 27 8.
Cuirfear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 7 i gcrích laistigh de theorainneacha na gcóras dlí náisiúnta a bhaineann le hacmhainní mianraí, dramhaíl, cearta maoine, úinéireacht talún, tionchair ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte, agus aon fhoráil ábhartha eile. I gcás ina gcuirtear bac leis na tosca sin ar na gníomhaíochtaí, iarrfaidh údaráis na mBallstát comhar ar oibreoir nó ar úinéir na saoráide dramhaíola eastóscaí. Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 ar fáil mar chuid den bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4. I gcás inar féidir, áireoidh na Ballstáit sa bhunachar sonraí aicmiú de na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.