|
+Airteagal 28 1. |
Airteagal 28 1.Ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, gineadóirí fuinnimh gaoithe, róbait thionsclaíocha, mótarfheithiclí, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuarúcháin, teaschaidéil, mótair leictreacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil mótair leictreacha comhtháite i dtáirgí eile, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí nó miasniteoirí ar an margadh, áiritheoidh an duine sin go mbeidh lipéad a bheidh feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar na táirgí sin ar a léireofar an méid seo a leanas:
(a)
cibé acu a ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó sna táirgí sin nó nach n-ionchorpraítear;
(b)
má tá buanmhaighnéad amháin nó níos mó sa táirge, an mbaineann na buanmhaighnéid sin le haon cheann de na cineálacha seo a leanas:
(i)
neoidimiam-iarann-bórón;
(ii)
samairiam-cóbalt;
(iii)
alúmanam-nicil-cóbalt;
(iv)
feirít. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|