+Airteagal 28
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
---+Airteagal 28 8.
---+Airteagal 28 9.
---+Airteagal 28 10.
---+Airteagal 28 11.
---+Airteagal 28 12.

Airteagal 28

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.

Ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, gineadóirí fuinnimh gaoithe, róbait thionsclaíocha, mótarfheithiclí, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuarúcháin, teaschaidéil, mótair leictreacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil mótair leictreacha comhtháite i dtáirgí eile, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí nó miasniteoirí ar an margadh, áiritheoidh an duine sin go mbeidh lipéad a bheidh feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar na táirgí sin ar a léireofar an méid seo a leanas:

(a) 

cibé acu a ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó sna táirgí sin nó nach n-ionchorpraítear;

(b) 

má tá buanmhaighnéad amháin nó níos mó sa táirge, an mbaineann na buanmhaighnéid sin le haon cheann de na cineálacha seo a leanas:

(i) 

neoidimiam-iarann-bórón;

(ii) 

samairiam-cóbalt;

(iii) 

alúmanam-nicil-cóbalt;

(iv) 

feirít.

Airteagal 28 2.
Faoin ►C1  24 Samhain 2025 ◄ , glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don lipéadú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
Airteagal 28 3.
Ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh agus ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó de na cineálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) áiritheoidh an duine sin go mbeidh iompróir sonraí ar an táirge nó sa táirge.
Airteagal 28 4.

Déanfar an t-iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 3 a nascadh le haitheantóir uathúil táirge lena soláthraítear rochtain ar an méid seo a leanas:

(a) 

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo;

(b) 

faisnéis faoi mheáchan, suíomh agus comhdhéanamh ceimiceach na mbuanmhaighnéad aonair uile sa táirge, agus faoi láithreacht agus cineál an bhrataithe maighnéid, na ngliúnna agus aon bhreiseáin a úsáidtear;

(c) 

faisnéis lena n-éascaítear rochtain ar na buanmhaighnéid uile atá ionchorpraithe sa táirge agus lena n-éascaítear a mbaint shábháilte, agus lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na n-uirlisí nó na dteicneolaíochtaí uile is gá chun an buanmhaighnéad a rochtain agus a bhaint, gan dochar do sholáthar faisnéise do shaoráidí cóireála de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2012/19/AE.

Airteagal 28 5.
I gcás táirgí ina bhfuil na buanmhaighnéid ionchorpraithe go heisiach i mótar leictreach amháin nó níos mó atá ionchorpraithe sa táirge, féadfar faisnéis faoi shuíomh na mótar leictreach sin a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), agus féadfar faisnéis faoi rochtain agus baint na mótar leictreach a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na n-uirlisí nó na dteicneolaíochtaí uile is gá chun na mótair leictreacha a rochtain agus a bhaint.
Airteagal 28 6.
I gcás táirgí dá dtagraítear i mír 3 dá dteastaíonn pas táirge de bhun gníomh dlí eile de chuid an Aontais, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 san áireamh sa phas táirge sin.
Airteagal 28 7.
Áiritheoidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a mbeidh táirge dá dtagraítear i mír 3 á chur ar an margadh aige nó aici, go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 iomlán, cothrom le dáta agus cruinn agus go mbeidh sí ar fáil ar feadh tréimhse atá comhionann ar a laghad le gnáth-shaolré an táirge móide 10 mbliana, lena n-áirítear i ndiaidh dócmhainneachta, leachtú nó scor gníomhaíochta san Aontas a bhaineann leis an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach. Féadfaidh an duine sin duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile a údarú chun gníomhú thar a gceann.

Déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 do shamhail an táirge nó, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis éagsúil idir aonaid den tsamhail chéanna, déanfar tagairt do bhaisc nó d’aonad ar leith. Beidh rochtain ag deisitheoirí, ag athchúrsálaithe, ag údaráis faireachais margaidh agus ag údaráis custam ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 28 8.
I gcás ina mbunaítear ceanglais faisnéise a bhaineann le hathchúrsáil buanmhaignéad i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais le haghaidh aon cheann de na táirgí a liostaítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir leis na táirgí lena mbaineann in ionad an Airteagail seo.
Airteagal 28 9.
Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 28 10.
Ón 24 Bealtaine 2029, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag ceanglais an Airteagail seo.
Airteagal 28 11.

Ní bheidh feidhm ag an airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;

(b) 

páirteanna eile d’fheithicil, seachas an bhonnfheithicil, a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach ar chatagóir N1, N2, N3, M2 nó M3;

(c) 

feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2018/858;

Airteagal 28 12.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (LEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 9 ) agus liosta de na tuairiscí ar tháirgí a chomhfhreagraíonn do na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar agus é d’aidhm aige obair na n-údarás custam i ndáil leis na táirgí sin agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 29 a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.