Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (LEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (
9
) agus liosta de na tuairiscí ar tháirgí a chomhfhreagraíonn do na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar agus é d’aidhm aige obair na n-údarás custam i ndáil leis na táirgí sin agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 29 a éascú.