+Airteagal 30
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
---+Airteagal 30 9.

Airteagal 30

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Rialtais, comhlachais tionscail agus grúpaí eagraíochtaí leasmhara a bhfuil scéimeanna deimhniúcháin forbartha acu agus a dhéanann maoirseacht orthu, ar scéimeanna iad a bhaineann le hinbhuanaitheacht amhábhar criticiúil (úinéirí scéime), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun go dtabharfaidh an Coimisiún aitheantas dá scéimeanna.

Beidh aon fhianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV sna hiarratais dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Faoin 24 Bealtaine 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar teimpléad aonair atá le húsáid ag úinéirí scéime chun an íosmhéid faisnéise atá le bheith sna hiarratais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Beidh méid na doiciméadachta is gá chun an teimpléad aonair dá dtagraítear sa tríú fomhír a chomhlánú réasúnta.

Airteagal 30 2.
Más rud é, ar bhonn na fianaise arna soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann scéim deimhniúcháin na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó fothacar díobh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena n-aithneofar an scéim sin, ina sonrófar cumhdach aitheanta na scéime. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
Airteagal 30 3.

Sonrófar an cumhdach aitheanta le haghaidh gach scéime de réir na dtoisí seo a leanas:

(a) 

céimeanna an tslabhra luacha amhábhar a chumhdaítear leis an scéim;

(b) 

na céimeanna de shaolré tionscadail, lena n-áirítear roimh a ndúnta, lena linn agus ina ndiaidh, a chumhdaítear leis an scéim; agus

(c) 

na toisí inbhuanaitheachta agus na catagóirí riosca comhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2), a dtugtar aghaidh orthu sa scéim.

Beidh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, pointe 1(a) go (d) ina réamhriachtanas chun an scéim a aithint.

Airteagal 30 4.
Fíoróidh an Coimisiún gach 3 bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm aon ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2, go leanfaidh an scéim de na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó fothacar aitheanta de na critéir sin, a chomhlíonadh.
Airteagal 30 5.
Cuirfidh úinéirí scéimeanna aitheanta an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe nó nuashonruithe ar na scéimeanna sin, a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó faoi chomhlíonadh fhothacar aitheanta na gcritéar sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an ndéanfar difear leis na hathruithe nó na nuashonruithe sin don bhunús atá leis an aitheantas agus déanfaidh sé beart iomchuí.
Airteagal 30 6.
Má tá fianaise ann go bhfuil cásanna athuaire nó cásanna suntasacha ann inar theip ar oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil scéim aitheanta á cur chun feidhme acu ceanglais na scéime sin a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta, i dtaobh an léirítear leis na cásanna sin easnaimh sa scéim lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas, agus déanfaidh sé beart iomchuí.
Airteagal 30 7.
I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún easnaimh i scéim aitheanta lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas, féadfaidh sé tréimhse iomchuí, nach faide ná 12 mhí, a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomhaíocht feabhais a dhéanamh lena linn.
Airteagal 30 8.
I gcás ina dteipfidh ar úinéir na scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh nó ina ndiúltóidh úinéir na scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh, agus i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gciallaíonn na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an scéim na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó an fothacar aitheanta de na critéir sin, a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún aitheantas na scéime a tharraingt siar trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).
Airteagal 30 9.
Bunóidh an Coimisiún clár scéimeanna aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana. Leis an suíomh gréasáin sin freisin, lamhálfar d’aiseolas a chomhthiomsú ó na geallsealbhóirí ábhartha uile faoi chur chun feidhme scéimeanna aitheanta. Cuirfear an t-aiseolas sin faoi bhráid na n-úinéirí ábhartha scéime lena bhreithniú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.