|
+Airteagal 34 |
Airteagal 34Airteagal 34 Cur chun feidhme agus ailíniú le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Airteagail 28, 29, 31 agus 33 a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
ceanglais a bhunú i gcás dearadh teicniúil agus oibriú an iompróra sonraí agus an aitheantóra uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);
(b)
tagairt a dhéanamh do chaighdeáin theicniúla atá le húsáid i ndáil leis an iompróir sonraí agus leis an aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);
(c)
rialacha a bhunú chun an t-aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(4) a áireamh i gclárlanna atá ábhartha i gcás faireachas margaidh agus rialuithe custam;
(d)
ceanglais a bhunú a bhaineann le rialuithe custam a bhaineann leis an iompróir sonraí agus leis an aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);
(e)
nósanna imeachta a bhunú chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta nó le neamhchomhlíonadh foirmiúil, chomh maith le nósanna imeachta coimirce gaolmhara i gcás ina ndéantar agóidí i gcoinne na mbeart faireachais margaidh a dhéantar;
(f)
ceanglais a bhunú a bhaineann le dearbhú comhréireachta AE agus le prionsabail ghinearálta, rialacha agus coinníollacha chun marcáil CE a ghreamú. Déanfar tagairt leis na gníomhartha tharmligthe sin do reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nó áiritheoidh sé ailíniú leis, go háirithe Treoir 2009/125/CE, agus cuirfear san áireamh an gá atá le teorainn a chur leis an ualach riaracháin agus cur chun feidhme éifeachtach Airteagail 28, 29 agus 31 den Rialachán seo á áirithiú ag an am céanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|