+Airteagal 36
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.
---+Airteagal 36 6.
---+Airteagal 36 7.
---+Airteagal 36 8.
---+Airteagal 36 9.
---+Airteagal 36 10.
|
Airteagal 36
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile agus an Coimisiún. Beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air (‘an cathaoirleach’).
|
|
Airteagal 36 2.
|
Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil ar an mBord. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus leis an saineolas, féadfaidh Ballstát ionadaithe éagsúla a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla an Bhoird. Beidh comhalta malartach ag gach ionadaí a cheaptar ar an mBord. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit. Ní bheidh ach aon vóta amháin ag gach Ballstát gan beann ar líon a n-ionadaithe. Iarrfaidh an Cathaoirleach ar ionadaithe Pharlaimint na hEorpa freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird, lena n-áirítear cruinnithe na buan-fhoghrúpaí nó na foghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 8.
|
|
Airteagal 36 3.
|
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón tionscal, go háirithe FBManna, an tsochaí shibhialta, lucht na hacadúlachta, ceardchumainn, údaráis áitiúla nó réigiúnacha, tríú tíortha, OCTanna, chomh maith leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, freastal mar bhreathnóirí ar chruinnithe an Bhoird nó ar a bhuanghrúpaí nó a fhoghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 8, nó aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil. Ní bheidh breathnóirí rannpháirteach i bhfoirmliú comhairle ón mBord agus óna fhoghrúpaí.
|
|
Airteagal 36 4.
|
Ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Bord, ar thogra ón gCoimisiún, a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí.
|
|
Airteagal 36 5.
|
Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta ionas go bhféadfar a chúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. I gcás inar gá, tiocfaidh an Bord le chéile ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát lena dtugtar bonn cirt do leas ar leith maidir le Tionscadal Straitéiseach ar a chríoch is údar le cruinniú breise. Tiocfaidh an Bord le chéile mar a leanas:
(a)
gach 3 mhí ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Thionscadail Straitéiseacha de bhun Chaibidil 3, Roinn 1;
(b)
gach 6 mhí ar a laghad chun faireachán a fhorbairt de bhun Chaibidil 4;
(c)
uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le taiscéalaíocht a leagtar amach i gCaibidil 3, Roinn 5, lena n-áirítear i bhfianaise nuashonruithe ar liostaí na n-amhábhar straitéiseach nó na n-amhábhar criticiúil.
|
|
Airteagal 36 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar obair an Bhoird trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochtúil.
|
|
Airteagal 36 7.
|
Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:
(a)
cur chun feidhme Airteagal 9 a phlé ar bhonn tréimhsiúil agus dea-chleachtais a chomhroinnt chun dlús a chur leis an nós imeachta um cheadú le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil agus chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht agus ar an gcomhairliúchán poiblí sna tionscadail sin;
(b)
i gcás inarb ábhartha, treoirlínte a mholadh don Choimisiún maidir le hAirteagal 9(1) a chur chun feidhme, treoirlínte a bheidh le cur san áireamh ag na pointí teagmhála aonair;
(c)
plé a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur chun feidhme Tionscadal Straitéiseach agus, más gá, ar bhearta a d’fhéadfadh an tionscnóir tionscadail nó an Ballstát a mbaineann a chríoch le Tionscadal Straitéiseach a dhéanamh chun cur chun feidhme na dTionscadal Straitéiseach sin a éascú tuilleadh de bhun Airteagal 15;
(d)
comhairle a sholáthar don Choimisiún maidir leis an measúnú ar bhunú an chórais comhcheannaigh de bhun Airteagal 25;
(e)
malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a éascú, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar a gcláir náisiúnta de bhun Airteagal 26.
|
|
Airteagal 36 8.
|
Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus ar chúraimí sonracha. Bunóidh an Bord ar a laghad na buan-fhoghrúpaí seo a leanas:
(a)
foghrúpa chun maoiniú i gcomhair Tionscadail Straitéiseacha a phlé agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 16, a dtabharfar cuireadh freastal air mar bhreathnóirí d’ionadaithe ó bhainc agus ó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, ó na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha forbartha, ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta agus, de réir mar is iomchuí, ó institiúidí airgeadais príobháideacha;
(b)
foghrúpa chun plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir le bearta chun eolas an phobail ar shlabhra soláthair na n-amhábhar criticiúil a mhéadú agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus páirteachas geallsealbhóirí i dtionscadail amhábhar criticiúil, a dtabharfar cuireadh rialta d’ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta freastal air, mar bhreathnóirí;
(c)
foghrúpa ina dtugtar le chéile institiúidí nó suirbhéanna náisiúnta, nó i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha geolaíocha nó, in éagmais institiúid nó suirbhé den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar thaiscéalaíocht ghinearálta, chun rannchuidiú le comhordú na gclár náisiúnta taiscéalaíochta arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 19;
(d)
foghrúpa chun plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir le bearta chun ciorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus ionadú amhábhar criticiúil a chur chun cinn;
(e)
foghrúpa ina dtugtar le chéile gníomhaireachtaí náisiúnta soláthair agus faisnéise a chumhdaíonn amhábhair chriticiúla nó, in éagmais gníomhaireacht den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun rannchuidiú le faireachán agus tástáil struis an Choimisiúin de bhun Airteagal 20;
(f)
foghrúpa ina dtugtar le chéile an ghníomhaireacht náisiúnta éigeandála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as stoic straitéiseacha nó, in éagmais gníomhaireacht agus údarás den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun rannchuidiú le comhordú na stoc straitéiseach mar a leagtar amach in Airteagal 23.
Agus a chúraimí á ndéanamh aige, áiritheoidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, comhordú, comhar agus malartú faisnéise leis na struchtúir ábhartha um fhreagairt i gcás géarchéime agus um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, struchtúir arna mbunú faoi dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 36 9.
|
Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 46.
|
|
Airteagal 36 10.
|
Déanfaidh an Bord a dhícheall cinntí a dhéanamh trí chomhthoil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|