|
+Airteagal 37 1. |
Airteagal 37 1.Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas a phlé ar bhonn tréimhsiúil:
(a)
a mhéid a chuireann Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis an méid seo a leanas:
(i)
feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair lena n-áirítear na tagarmharcanna a shocraítear in Airteagal 5(1), pointe (b);
(ii)
feabhas a chur ar an gcomhar feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear cláir um fhothú acmhainneachta agus aistriú teicneolaíochta chun ciorclaíocht agus athchúrsáil fhreagrach amhábhar criticiúil a chur chun cinn i dtíortha a tháirgeann na hamhábhair chriticiúla sin;
(iii)
forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear cleachtais inbhuanaithe agus chiorclacha, dálaí oibre cuibhiúla agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn feadh a slabhraí luacha amhábhar;
(b)
comhsheasmhacht agus sineirgí féideartha idir comhar déthaobhach na mBallstát le tríú tíortha ábhartha agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas i gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha;
(c)
cad iad na tríú tíortha a bhféadfaí tús áite a thabhairt dóibh chun Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a thabhairt i gcrích, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
(i)
an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair chomh maith lena hathléimneacht, agus cúltacaí féideartha, acmhainní eastósctha, próiseála agus athchúrsála tríú tír a bhaineann le hamhábhair chriticiúla á gcur san áireamh;
(ii)
an bhféadfadh comhar idir an tAontas agus tríú tír feabhas a chur ar chumas tríú tír faireachán, cosc agus íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha ar an gcomhshaol trína creat rialála agus trí chur chun feidhme an chreata sin, úsáid cleachtas atá freagrach go sóisialta lena n-áirítear urraim do chearta an duine agus do chearta saothair, go háirithe maidir le saothar éigeantais agus saothar leanaí, rannpháirtíocht fhónta le pobail áitiúla, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, úsáid cleachtas gnó trédhearcach agus freagrach, drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí agus an smacht reachta a chosc;
(iii)
an bhfuil comhaontuithe comhair ann cheana idir an tAontas agus tríú tír, maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, an bhféadfaí tionscadail infheistíochta Global Gateway a úsáid, lena n-áirítear d’fhonn infheistiú i dTionscadail Straitéiseacha;
(iv)
i gcás margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, an bhféadfadh, agus cén dóigh a bhféadfadh, comhpháirtíocht cur le breisluach áitiúil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iartheachtacha, agus conas a rachadh sí chun tairbhe don Aontas agus don tír chomhpháirtíochta araon.
(d)
comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le conas a áirithiú go mbeidh na Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha dá dtagraítear sa mhír seo comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|