+Airteagal 44
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 5.
---+Airteagal 44 6.
|
Airteagal 44
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 44 1.
|
Faoin
►C1
24 Samhain 2025 ◄ , déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh a áireoidh réamh-mheastacháin tháscacha maidir le tomhaltas bliantúil de gach amhábhar criticiúil in 2030, 2040 agus 2050, lena n-áirítear réamh-mheastachán íseal, ard agus tagartha, chomh maith le tagarmharcanna táscacha d’eastóscadh agus próiseáil in aghaidh an amhábhair straitéisigh d’fhonn na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), a chomhlíonadh le haghaidh 2030.
|
|
Airteagal 44 2.
|
Faoin 24 Bealtaine 2027, déanfaidh an Coimisiún, agus comhairle an Bhoird á cur san áireamh aige, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na dtagarmharcanna a shocraítear in Airteagal 5(1), chomh maith le maolú ar an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(2,) agus foilseoidh sé tuarascáil ina sonrófar dul chun cinn an Aontais i dtreo na tagarmharcanna agus an mhodhnóireacht sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 44 3.
|
Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2:
(a)
faisnéis chainníochtúil faoi mhéid dhul chun cinn an Aontais i dtreo na dtagarmharcanna agus an mhodhnóireacht dá dtagraítear in Airteagal 5
(b)
liosta na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha lena gcumhdaítear amhábhair; agus
(c)
measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha leis an tagarmharc a shocraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), a bhaint amach.
Chun críocha an Airteagail seo, ní bheidh sé de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur isteach anuas ar na bhfaisnéis atá le soláthar de bhun Airteagal 21.
|
|
Airteagal 44 4.
|
Chun cur chun feidhme comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh sé chun é a chur chun feidhme le dlíthe eile an Aontais. Thairis sin, foilseoidh an Coimisiún, faoin 24 Bealtaine 2025, tuarascáil ar chomhsheasmhacht an Rialacháin seo le dlí eile an Aontais.
|
|
Airteagal 44 5.
|
I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, nach dócha go mbainfidh an tAontas amach aidhmeanna Airteagal 5, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht beart a mholadh chun a áirithiú go mbainfear amach na haidhmeanna sin.
|
|
Airteagal 44 6.
|
Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú caighdeáin Eorpacha nó spriocanna a bhaineann le caighdeánú Eorpach a fhorbairt chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1252
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|