|
+IARSCRÍBHINN IV Critéir i gcomhair scéimeanna deimhniúcháin |
IARSCRÍBHINN IV Critéir i gcomhair scéimeanna deimhniúcháin
IARSCRÍBHINN IV Critéir i gcomhair scéimeanna deimhniúcháin 1. Comhlíonfaidh scéim aitheanta deimhniúcháin na critéir seo a leanas:
(a)
tá sí oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha do gach oibreoir eacnamaíoch atá toilteanach agus in ann ceanglais na scéime a chomhlíonadh agus tá sí faoi réir rialachas il-gheallsealbhóra í;
(b)
tá fíorú agus faireachán ar chomhlíonadh oibiachtúil, bunaithe ar chaighdeáin, ar cheanglais agus ar nósanna imeachta idirnáisiúnta agus náisiúnta agus ar nósanna imeachta de chuid an Aontais agus déantar iad go neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha;
(c)
tá ceanglais agus nósanna imeachta leordhóthanacha ag baint léi chun inniúlacht agus neamhspleáchas na bhfíoraitheoirí atá freagrach a áirithiú.
(d)
áirítear ann ceanglais chun tuarascáil iniúchóireachta a bhunaítear ag leibhéal láithreáin a áirithiú. 2. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna ceanglais i gcomhair deimhniúcháin:
(a)
ceanglais lena n-áirithítear cleachtais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de lena linn agus ina dhiaidh, lena n-áirítear ceanglais lena n-áirithítear bainistíocht an chomhshaoil agus maolú tionchair sna catagóirí riosca comhshaoil seo a leanas:
(i)
aer, lena n-áirítear truailliú aeir amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(ii)
uisce, lena n-áirítear grinneall na farraige agus an comhshaol muirí, agus truailliú uisce, úsáid uisce, cainníochtaí uisce, tuilte nó triomaigh á gcur san áireamh, agus rochtain ar uisce;
(iii)
ithir, lena n-áirítear truailliú ithreach, creimeadh ithreach, úsáid talún agus díghrádú talún;
(iv)
bithéagsúlacht, lena n-áirítear damáiste do ghnáthóga, don fhiadhúlra, don fhlóra agus d’éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais;
(v)
substaintí guaiseacha;
(vi)
torann agus creathadh;
(vii)
sábháilteacht plandaí;
(viii)
úsáid fuinnimh;
(ix)
dramhaíl agus fuíll;
(b)
ceanglais chun cleachtais atá freagrach go sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear meas ar chearta an duine agus ar chearta saothair lena n-áirítear saol pobail na bpobal dúchasach;
(c)
ceanglais chun sláine agus trédhearcacht gnó a áirithiú, lena n-áirítear ceanglais chun bainistíocht fhónta ar chúrsaí airgeadais, comhshaoil agus sóisialta agus beartais frithéillithe agus frithbhreabaireachta a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|