+Airteagal 1
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
|
Airteagal 1
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Is é is aidhm don Rialachán seo leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne a éascú agus a spreagadh trí úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn agus trí imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú sa chaoi go mbeifear in ann líonraí den sórt sin a leathadh amach ar bhealach níos tapa agus ar chostas níos lú.
|
|
Airteagal 1 2.
|
Má tá aon fhoráil sa Rialachán seo ag teacht salach ar fhoráil i dTreoir 2002/77/CE, (AE) 2018/1972 nó (AE) 2022/2555, beidh forlámhas ag an bhforáil ábhartha sna Treoracha sin.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais íosta chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit bearta atá níos doichte nó níos mionsonraithe ná na ceanglais íosta sin a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás ina gcuirtear chun cinn leis na bearta úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana nó i gcás ina gcumasaítear leo bonneagar fisiceach nua a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla.
|
|
Airteagal 1 4.
|
De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní choinneoidh na Ballstáit ar bun ná ní thabharfaidh siad isteach na bearta dá dtagraítear sa mhír sin i leith Airteagal 3(5), an chéad fhomhír, pointí (a) go (e), Airteagal 3(7) agus (10), Airteagal 4(7), Airteagal 5(2), an dara fomhír, Airteagail 5(5) agus 6(2) agus Airteagal 10(7) agus (8).
|
|
Airteagal 1 5.
|
Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|