|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil úinéirí foirgneamh tráchtála príobháideach nach bhfuil faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreora líonra le hiarrataí réasúnta ar rochtain ar na foirgnimh sin, lena n-áirítear a ndíonta, a chomhlíonadh, arna iarraidh sin i scríbhinn d’oibreoir, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a shuiteáil faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus ar phraghas lena léirítear dálaí an mhargaidh. Sula ndéanfaidh an t-iarrthóir ar rochtain iarraidh den sórt sin, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an foirgneamh suite i gceantar tuaithe nó iargúlta mar atá sainithe ag na Ballstáit;
(b)
níl aon líonra fíor-ardacmhainne atá den chineál céanna – fosaithe nó móibíleach – leis an gceann atá beartaithe ag an iarrthóir ar rochtain a imscaradh ar fáil sa limistéar dá bhfuil an iarraidh á déanamh, agus níl aon phlean ann líonra den sórt sin a imscaradh de réir na faisnéise arna bailiú tríd an bpointe faisnéise aonair atá ar fáil ar dháta na hiarrata,
(c)
níl aon bhonneagar fisiceach sa limistéar dá ndearnadh an iarraidh ar rochtain atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus atá oiriúnach go teicniúil chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a óstáil. Féadfaidh na Ballstáit liosta a chinneadh de chatagóirí foirgneamh tráchtála a fhéadfar a dhíolmhú ón oibleagáid iarraidh den sórt sin ar rochtain a chomhlíonadh, ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, sábháilteacht agus sláinte. An liosta sin agus na critéir atá le cur i bhfeidhm chun na catagóirí sin a shainaithint, déanfar iad a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|