|
+Airteagal 5 4. |
Airteagal 5 4.Maidir le hiarraidh ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, féadfar a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
baineann an iarraidh le limistéar a ndearnadh ceann ar bith díobh seo a leanas ina leith:
(i)
réamhaisnéis maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2018/1972;
(ii)
tugadh cuireadh rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh de bhun Airteagal 22(3) de Threoir (AE) 2018/1972;
(iii)
comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm;
(b)
mhainnigh an gnóthas iarrthach a chur in iúl go raibh rún aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) in aon cheann de na nósanna imeachta is déanaí de na nósanna imeachta a liostaítear sa phointe sin lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndearnadh an iarraidh ar chomhordú. Má mheastar go bhfuil iarraidh ar chomhordú míréasúnta ar bhonn na chéad fhomhíre, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, agus a dhiúltaigh oibreacha sibhialta a chomhordú, déanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach a imscaradh chun freastal ar riachtanais réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rochtain tríú páirtí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|