+Airteagal 5
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
|
Airteagal 5
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Beidh sé de cheart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus ag oibreoirí líonra comhaontuithe maidir le comhordú oibreacha sibhialta, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le cionroinnt costas, a chaibidliú le hoibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Agus oibreacha sibhialta á ndéanamh, nó á mbeartú lena ndéanamh, acu, go díreach nó go hindíreach, ar oibreacha sibhialta iad a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonra aon iarraidh réasúnta i scríbhinn chun na hoibreacha sibhialta sin a chomhordú faoi théarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, iarraidh arna déanamh ag oibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata. Comhlíonfar iarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
maidir leis an oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a raibh sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta atá i gceist a dhéanamh ar dtús, ní bheidh aon chostais bhreise nach féidir a aisghabháil i gceist le comhordú na n-oibreacha sibhialta, lena n-áirítear na costais sin arb iad moilleanna breise ba chúis leo, gan dochar don fhéidearthacht go dtiocfadh na páirtithe lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na costais a chionroinnt;
(b)
an t-oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a bhfuil sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta a dhéanamh ar dtús, beidh sé fós i gceannas ar chomhordú na n-oibreacha;
(c)
tíolactar an iarraidh a luaithe is féidir agus, i gcás ina bhfuil gá le cead le haghaidh na n-oibreacha sibhialta, mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil a dheonaíonn ceadanna.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Maidir le hiarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe chun iad a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go measfar na hiarrataí sin a bheith míréasúnta i gcás ina rannchuidíonn na hoibreacha sibhialta leis na líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ar choinníoll go bhfuil na líonraí fíor-ardacmhainne sin lonnaithe i gceantair thuaithe nó iargúlta agus go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus go n-oibrítear iad ar bhonn mórdhíola amháin.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Maidir le hiarraidh ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, féadfar a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
baineann an iarraidh le limistéar a ndearnadh ceann ar bith díobh seo a leanas ina leith:
(i)
réamhaisnéis maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2018/1972;
(ii)
tugadh cuireadh rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh de bhun Airteagal 22(3) de Threoir (AE) 2018/1972;
(iii)
comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm;
(b)
mhainnigh an gnóthas iarrthach a chur in iúl go raibh rún aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) in aon cheann de na nósanna imeachta is déanaí de na nósanna imeachta a liostaítear sa phointe sin lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndearnadh an iarraidh ar chomhordú.
Má mheastar go bhfuil iarraidh ar chomhordú míréasúnta ar bhonn na chéad fhomhíre, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, agus a dhiúltaigh oibreacha sibhialta a chomhordú, déanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach a imscaradh chun freastal ar riachtanais réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rochtain tríú páirtí.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, ar oibreacha iad a d’fhéadfaí a dhíolmhú ón oibleagáid oibreacha sibhialta a chomhordú de bhun mhír 2. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 2 ná 4 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 2 ná 4 a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha oibreacha a shainaithin na Ballstáit mar oibreacha atá teoranta ó thaobh raon feidhme de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha, de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus na cásanna sonracha i ngach Ballstát a chur san áireamh, soláthróidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na costais a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear i mír 1 a chionroinnt;
(b)
na critéir ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo á réiteach acu; agus
(c)
na critéir chun acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun freastal ar riachtanais réasúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo má dhiúltaítear comhordú a dhéanamh ar oibreacha sibhialta de bhun mhír 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|