|
+Airteagal 5 6. |
Airteagal 5 6.Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha, de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus na cásanna sonracha i ngach Ballstát a chur san áireamh, soláthróidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na costais a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear i mír 1 a chionroinnt;
(b)
na critéir ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo á réiteach acu; agus
(c)
na critéir chun acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun freastal ar riachtanais réasúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo má dhiúltaítear comhordú a dhéanamh ar oibreacha sibhialta de bhun mhír 4. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|