|
+Airteagal 7 5. |
Airteagal 7 5.Déanfaidh na húdaráis inniúla ceadanna, cé is moite de chearta slí, a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead. Cinnfidh na húdaráis inniúla comhláine an iarratais ar cheadanna nó ar chearta slí laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an t-iarratas. Iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh fionraí ná briseadh ar an tréimhse fhoriomlán 4 mhí chun an iarraidh ar chead a scrúdú, ag tosú ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe, mar thoradh ar chinneadh an údaráis inniúil go bhfuil an t-iarratas ar chead comhlánaithe. Ní dochar an chéad fhomhír ná an dara fomhír do sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a sheoladh go cuí, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus ní dochar iad do rialacha lena ndeonaítear don iarrthóir cearta breise nó a bhfuil sé mar aidhm leo an deonú ceadanna is tapúla is féidir a áirithiú. Leagfaidh na Ballstáit amach agus foilseoidh siad, roimh ré, trí phointe faisnéise aonair, na forais ar ar féidir leis an údarás inniúil, i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ag gníomhú as a stuaim féin dó, síneadh a chur leis na sprioc-amanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i mír 6. Beidh aon síneadh chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sé thar 4 mhí, ach amháin i gcás inar gá sin chun sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna a sheoladh go cuí, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní iarrfar síneadh chun faisnéis atá in easnamh a fháil, ar faisnéis í nár iarr an t-údarás inniúil ar an iarratasóir de bhun an dara fomhír. Beidh aon diúltú ceada nó cirt slí cuí-réasúnaithe ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|