+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Beidh gach foirgneamh nuathógtha agus gach foirgneamh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, feistithe le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Déanfar gach foirgneamh ilteaghaise nuathógtha nó gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, a fheistiú le pointe rochtana.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Faoin 12 Feabhra 2026, déanfar gach foirgneamh, lena n-áirítear eilimintí díobh atá faoi chomhúinéireacht, a bhfuil móroibreacha athchóirithe mór á ndéanamh orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2010/31/AE, a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí, mura méadóidh sé sin costais na n-oibreacha athchóirithe go díréireach agus má tá sé indéanta go teicniúil. Beidh pointe rochtana ag gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe den sórt sin á ndéanamh air.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Faoin 12 Samhain 2025, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus ar bhonn dhea-chleachtais an tionscail, na caighdeáin ábhartha nó na sonraíochtaí teicniúla is gá chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme. Leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin, beifear in ann gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh go héasca ar shreanguithe snáithín aonair arna n-úsáid ag gach oibreoir chun seirbhísí líonra fíor-ardacmhainne a sholáthar agus leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
sonraíochtaí maidir le pointe rochtana an fhoirgnimh agus sonraíochtaí an chomhéadain snáithín;
(d)
sonraíochtaí seolphíobán nó micreadhuchtanna;
(e)
sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc;
(g)
sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcáblú a shuiteáil.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 4. Chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun lena bhféadfaí cigireacht ar an láthair ar na foirgnimh nó sampla ionadaíoch díobh a áireamh.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Beidh foirgnimh a fheistítear i gcomhréir leis an Airteagal seo incháilithe, ar bhonn deonach agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit, chun lipéad ‘réidh don snáithín’ a fháil, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit lipéad den sórt sin a thabhairt isteach.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le catagóirí áirithe foirgneamh, i gcás ina bhfuil comhlíonadh na míreanna sin díréireach, i dtéarmaí costas ar úinéirí aonair nó ar chomhúinéirí bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla. Sainaithneoidh na Ballstáit catagóirí foirgneamh den sórt sin bunaithe ar chúiseanna bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach.
|
|
Airteagal 10 8.
|
Sainaithneoidh na Ballstáit, ar bhonn cúiseanna cuí-réasúnaithe agus comhréireacha, na cineálacha foirgneamh, amhail catagóirí sonracha séadchomharthaí, foirgnimh stairiúla, foirgnimh mhíleata agus foirgnimh a úsáidtear chun críoch slándála náisiúnta, mar a shainítear sa dlí náisiúnta, atá le bheith díolmhaithe ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 nó a bhfuil feidhm le bheith ag na hoibleagáidí sin ina leith le hoiriúnuithe teicniúla cuí. Foilseofar faisnéis faoi chatagóirí foirgneamh den sórt sin trí phointe faisnéise aonair.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|